Preasráiteas: Clár píolótach de €5m de thacaíochtaí comhairleoireachta & meabhairshláinte

Jill Mc Mahon

01/06/2023

Circulars | All News

Fógraíonn an tAire Oideachais clár píolótach de €5m de thacaíochtaí comhairleoireachta agus meabhairshláinte do bhunscoileanna

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu, Dé Céadaoin an 31 Bealtaine, go mbunófar clár suntasach de thacaíochtaí comhairleoireachta agus meabhairshláinte a bheidh ar bhonn píolótach i sraith bunscoileanna ó Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh.

Den chéad uair riamh, beidh cnuasach de bhunscoileanna in ann leas a bhaint as seirbhísí suntasacha comhairleoireachta trí thionscadal píolótach nuálach.

Tá an clár nua seo deartha chun tionchar Covid-19 ar leanaí in aois bunscoile a aithint agus oibreoidh sé chun na dúshláin mheabhairshláinte a d’fhéadfadh a bheith i scoileanna a mhaolú.