P06: Íocaíochtaí Deontais Caipitíochta 2026/27
Íocaíochtaí Deontais Caipitíochta do Bhunscoileanna Aitheanta sa Scéim Oideachais Saor in Aisce – 2026/27
1. Réamhrá
D’eisigh an Roinn Oideachais agus Óige nóta Faisnéise SDF 02/2026 i mí an Mheithimh 2026 inar leagadh amach na socruithe íocaíochta athbhreithnithe don Deontas Caipitíochta do bhunscoileanna i mí an Mheithimh 2026 agus don scoilbhliain 2026/27.
2. Íocaíocht – Meitheamh 2026
Bhí íocaíocht mhí an Mheithimh 2026 bunaithe ar líon na ndaltaí ar rolla na scoile in 2025/26 leis an teidlíocht iomlán bhliantúil deontais lúide íocaíochtaí a rinneadh cheana féin i mí na Nollag 2025 agus in Eanáir 2026 a chinneadh.
Leagtar amach i gCiorclán 0040/2025 na rátaí Deontais Caipitíochta don scoilbhliain 2025/26.
3. Socruithe do 2026/27
Mar chuid de Bhuiséad 2026, déanfar na hathruithe seo a leanas ar an Deontas Caipitíochta do bhunscoileanna don scoilbhliain 2026/27:
- Méadú €50 ar an ráta príomhshrutha ó €224 go €274.
- Gheobhaidh scoileanna speisialta na rátaí céanna Caipitíochta do dhaoine óga atá 12 bhliain d’aois agus os a chionn, agus a íoctar i leith a bpiaraí i scoileanna iar-bhunscoile príomhshrutha.
- Gheobhaidh scoileanna speisialta a bhfuil níos lú ná 60 dalta iontu Caipitíocht i gcás 60 dalta ar a laghad.
- Méadú €20 ar rátaí Caipitíochta do bhunscoileanna atá i mBanda Uirbeach a hAon de DEIS agus do bhunscoileanna DEIS Plus go €294. Léigh an treoirlíne iomlán…

