Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha 2

Jill Mc Mahon

25/05/2023

All News | Training

Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha PC1/PC2

Maidir le hagallaimh PC1/PC2 is gá measúnóirí neamhspleácha a roghnú ón liosta aontaithe idir AFP agus an INTO. 

Tá liosta reatha na measúnóirí neamhspleácha d’agallaimh PC1/PC2 glanta anois.

Beidh cian-sheisiún oiliúna do mheasúnóirí neamhspleácha ar siúl Déardaoin, 8 Meitheamh ag 7.00 i.n. agus tar éis na hoiliúna, cuirfear ainmneacha ar liosta aontaithe nua.

Is féidir clárú ag an nasc seo nó leis an nasc beo ar an bhfógra.  Seolfar nasc don chruinniú chuig rannpháirtithe cláraithe níos gaire den am.

Iarraimid oraibh daoine a chomhlíonann na critéir thíos a spreagadh chun freastal ar an seisiún luachmhar seo.

Critéir don Oiliúint:

  1. Ar a laghad 5 bliana taithí i mbunscoil nó san earnáil oideachais
  2. Gan a bheith éirithe as an gcóras bunoideachais níos faide ná 5 bliana
  3. Líofacht sa Ghaeilge
  4. Bheith in ann comhoibriú mar bhall den bhord agallaimh
  5. Bheith in ann taisteal chuig na scoileanna