From September 2013 onwards, Mary Immaculate College, Limerick will offer an innovative new postgraduate programme, the M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge. The programme will focus on the specific needs for the professional development and linguistic proficiency of teachers in Gaeltacht schools and in all-Irish schools. For the first time in Ireland, there will be a postgraduate programme with a series of modules which will be integrated, consecutive and interrelated to cater specifically for immersion educators and other professionals working in the field of Irish medium education.
Ó Mheán Fómhair 2013, cuirfidh Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, clár nuálach iarchéime, M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, ar bun le díriú go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Don chéad uair i bPoblacht na hÉireann, beidh clár iarchéime ilchodach le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar curtha ar fáil le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge.
The M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge will be a part time course provided over two academic years. Blended learning will be a central part of the course which will be provided on line as well as on site. Outreach provision will be provided depending on the needs of the students. As a result of the blended approach and the design of the programme, researchers and international experts will be present. They will discuss results and specific questions in the fields of immersion education, bilingual education and the second language online, with the students on the programme.
Up to 20 people will be accepted onto the programme for the academic year 2013/2014. Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochtaí (COGG) will present research bursaries on the 2013 cohort. Applications will be accepted up to the 31st of May 2013.
For more information, contact T.J. Ó Ceallaigh, Programme Coordinator, Department of Languages, Literature and Mathematics Education, Mary Immaculate College, Limerick at tj.oceallaigh@mic.ul.ie or at 061 204325.
Cuirfear an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla. Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí agus saineolaithe idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2013/2014. Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun sparántachtaí taighde a bhronnadh ar chohórt 2013. Glacfar le h-iarrataisí go dtí 31 Bealtaine 2013.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, An Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie nó ag 061 204325.
