Training/Irish-Language Courses

Irish Classes

We are delighted to announce that our grammar courses will be starting again this mid-October. We provide these courses to support our school staff members and boards of management. Since we began these courses over a hundred people have attended from teachers, special needs assistants, school administrators, caretakers, parents and board members. We would ask that principals and board members circulate course information among the school community, as well as providing financial support to those who undertake our classes.

This year, we are offering four courses which will commence mid-October.

Beginners’ Course

Specially designed for school secretaries, caretakers & special needs assistants who have little or no Irish. The course will focus on the language of the school environment and the vocabulary needed for you to function in the classroom setting. Only the basic grammar concepts will be covered.

Cúrsa Ullmhúcháin TEG Meánleibhéal 1 (B1)

Oiriúnach do bhaill na mBord Bainistíochta, rúnaithe scoile, cúntóirí riachtanais speisialta, airígh agus foireann neamhtheagaisc eile a bhfuil Gaeilge mheasartha acu agus atá ag iarraidh cur lena gcumas teanga.

Cúrsa Ullmhúcháin TEG Meánleibhéal 2 (B2)

Do Mhúinteoirí Bunscoile agus Meánscoile atá ag iarraidh a gcumas gramadaí a fheabhsú nó an dlaoi mhullaigh a chur ar a gcuid Gaeilge.

Cúrsa Ardchruinnis Gramadaí

Oiriúnach dóibh siúd atá i mbun TEG C1 nó dóibh siúd a bhfuil suim acu in Ealaíon Dhorcha na Gramadaí

Tuilleadh Eolais

Beginners’ Course

Dírithe ar rúnaithe scoile, feighlithe & ar chúntóirí riachtanas speisialta ar bheagán Gaeilge

It is also suitable for parents and those who want to learn from scratch.

  • The course will focus on the language of the school environment and the vocabulary needed for you to function in the classroom setting. Only the basic grammar concepts will be covered.

 

  • The course is designed to gradually increase the learner’s confidence to help participants to improve their fluency in an encouraging and supportive environment.

 

  • For more information contact the course coordinator Tomás Ó Póil at cursai@foras.ie or call 01-2150190

 

Cúrsa Ullmhúcháin TEG Meánleibhéal 1 (B1)

Do bhaill na mBord Bainistíochta, rúnaithe scoile, cúntóirí riachtanas speisialta, airígh & foireann neamhtheagaisc eile

 

Oiriúnach do bhaill na mBord Bainistíochta, rúnaithe scoile, cúntóirí riachtanais speisialta, airígh agus foireann neamhtheagaisc eile a bhfuil Gaeilge mheasartha acu agus atá ag iarraidh cur lena gcumas teanga.

Tá ríméad ar an bhForas Pátrúnachta leanúint i mbliana leis an gcúrsa seo. Is cúrsa é a réiteoidh rannpháirtithe do scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) agus tá sé dírithe go príomha ar bhaill na mBord Bainistíochta Oiriúnach do bhaill na mBord Bainistíochta, rúnaithe scoile, cúntóirí riachtanais speisialta, airígh agus foireann neamhtheagaisc eile a bhfuil Gaeilge mheasartha acu agus atá ag iarraidh cur lena gcumas teanga.

 

Cén fáth a dtabharfainn faoin gcúrsa seo?

  • Cuirfidh sé le do scileanna cumarsáide agus le d’éifeachtacht mar bhall boird nó mar oibrí i scoil lán-Ghaeilge.
  • Is cáilíocht iontaofa neamhspleách é TEG, atá aitheanta go hidirnáisiúnta.
  • Is é TEG an cháilíocht inmhianaithe ag An Foras Pátrúnachta dóibh siúd a chuireann isteach ar phost nó ar ardú céime ina scoileanna.
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach.
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le do dheiseanna fostaíochta agus a chabhróidh leat ardú céime a bhaint amach.

 

Teastas Eorapach

  • Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge.
  • Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa.
  • Cuireann siollabais agus scrúduithe TEG spriocanna foghlama cinnte roimh mhúinteoirí agus roimh fhoghlaimeoirí le go mbeidh na foghlaimeoirí in ann líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach céim ar chéim.
  • Ó 2005 i leith, tá Ionad na dTeangacha Ollscoil Mhá Nuad ag soláthar scrúduithe d’ardchaighdeán d’fhoghlaimeoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear. Go dtí seo, tá scrúduithe TEG déanta ag na mílte duine.
  • Bhronn ALTE (Association of Language Testers in Europe) an Q-Mark ar Scrúduithe TEG in 2015 le hardchaighdeán na scrúduithe a dhearbhú.
  • Beidh an cúrsa seo bunaithe ar shiollabas ML. 1 (B1) agus dírithe ar an scrúdú sin .
  • Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001).

 

 

Struchtúr an chúrsa

  • 10 Rang idirghníomhacha ar líne uair sa choicís ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta.
  • Méadófar ar mhuinín an rannpháirtí céim ar chéim i labhairt agus i scríobh na Gaeilge i dtimpeallacht thacúil.
  • Ullmhú an mhúinteora i dtreo scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

Táille an chúrsa €200*

* Clúdaíonn an táille costais an chúrsa, níl táillí an scrúdaithe TEG san áireamh

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag cursai@foras.ie nó cuir glaoch ar 01-2150190

 

Cúrsa Ullmhúcháin TEG Meánleibhéal 2 (B2)

Do Mhúinteoirí Bunscoile & Meánscoile atá ag iarraidh a gcumas gramadaí a fheabhsú

 

D’éirigh go hiontach lenár gcúrsaí go dtí seo agus múinteoirí ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte iontu agus tá ríméad ar an bhForas Pátrúnachta an cúrsa seo a reáchtáil arís. Is cúrsa é a réiteoidh rannpháirtithe do Scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) agus tá sé dírithe go príomha ar Mhúinteoirí Bunscoile agus Meánscoile atá ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge atá ag iarraidh a gcumas gramadaí a fheabhsú nó an dlaoi mhullaigh a chur ar a gcuid Gaeilge ach bheadh sé oiriúnach do rúnaithe scoile agus do bhaill na mbord bainistíochta chomh maith.

 

Cén fáth a dtabharfainn faoin gcúrsa seo?

  • Cuirfidh sé le do scileanna cumarsáide agus le d’éifeachtacht mar bhall boird nó mar oibrí i scoil lán-Ghaeilge.
  • Is cáilíocht iontaofa neamhspleách é TEG, atá aitheanta go hidirnáisiúnta.
  • Is é TEG an cháilíocht inmhianaithe ag An Foras Pátrúnachta dóibh siúd a chuireann isteach ar phost nó ar ardú céime ina scoileanna.
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach.
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le do dheiseanna fostaíochta agus a chabhróidh leat ardú céime a bhaint amach.

 

Teastas Eorapach

  • Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge.
  • Tugann scrúduithe TEG deis d’iarrthóirí, ó ghlantosaitheoirí go leibhéil ardchumais, a gcumas a dheimhniú sa labhairt, sa chluastuiscint, sa léitheoireacht agus sa Ghaeilge scríofa.
  • Cuireann siollabais agus scrúduithe TEG spriocanna foghlama cinnte roimh mhúinteoirí agus roimh fhoghlaimeoirí le go mbeidh na foghlaimeoirí in ann líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach céim ar chéim.
  • Ó 2005 i leith, tá Ionad na dTeangacha Ollscoil Mhá Nuad ag soláthar scrúduithe d’ardchaighdeán d’fhoghlaimeoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear. Go dtí seo, tá scrúduithe TEG déanta ag na mílte duine.
  • Bhronn ALTE (Association of Language Testers in Europe) an Q-Mark ar Scrúduithe TEG in 2015 le hardchaighdeán na scrúduithe a dhearbhú.
  • Beidh an cúrsa seo bunaithe ar shiollabas ML. 2 (B2) agus dírithe ar an scrúdú sin.
  • Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001).

 

Struchtúr an chúrsa

  • 10 rang idirghníomhach ar-líne uair sa choicís ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta.
  • Méadófar ar mhuinín an mhúinteora céim ar chéim i labhairt agus i scríobh na Gaeilge i dtimpeallacht thacúil.
  • Ullmhú an mhúinteora i dtreo scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

 

Táille an chúrsa €200*

* Clúdaíonn an táille costais an chúrsa, níl táillí an scrúdaithe TEG san áireamh

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag cursai@foras.ie nó cuir glaoch ar 01-2150190

 

Cúrsa Ardchruinnis Gramadaí

Dírithe orthu siúd atá i mbun TEG C1 nó a bhfuil suim acu in Ealaíon Dhorcha na Gramadaí

 

Struchtúr an chúrsa

12 rang idirghníomhacha ar-líne uair sa choicís ina bpléifear mionphointí gramadaí i gcomhthéacs sleachta aistriúcháin agus ina méadófar ar chumas gramadaí i gcomhthéacs sleachta aistriúcháin agus ina méadófar ar chumas gramadaí agus ar shaibhreas teanga na rannpháirtithe.

I measc na ngnéithe a chlúdófar beidh:

  • Scileanna aistriúcháin
  • Inscne na nAinmfhocal agus réiteach na nAidiachtaí
  • Botúin choitianta, Comhréir agus Réim
  • An Tuiseal Ginideach
  • Tuiseal Ginideach na nAidiachtaí
  • Cúrsaí Séimhithe
  • Saibhreas na Gaeilge
  • Úsáid na Teicneolaíochta agus Áiseanna Ar-líne

 

Táille an chúrsa €250

 

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag cursai@foras.ie nó cuir glaoch ar 01-2150190

Clárúchán

Cláraigh le haghaidh ranganna Gaeilge thíos:

Deireadh Fómhair 2022: Bunchúrsa Gaeilge

Ag tosú lár mhí Deireadh Fómhair

Tá an cúrsa seo dírithe ar rúnaithe scoile, feighlithe agus ar chúntóirí riachtanas speisialta a bhfuil beagán Gaeilge acu. It is also suitable for parents and those who want to learn from scratch.

The course will focus on the language of the school environment and the vocabulary needed for you to function in the classroom setting. Only the basic grammar concepts will be covered. The course is designed to gradually increase the learner’s confidence to help participants to improve their fluency in an encouraging and supportive environment.

Táille an chúrsa €200

Tuilleadh eolais ar fáil ónár mBainisteoir Oiliúna Tomás Ó Póil cursai@foras.ie | 01-2150190

Deireadh Fómhair 2022: TEG Meánleibhéal 1 (B1)

Ag tosú lár mhí Deireadh Fómhair

Struchtúr an chúrsa

10 rang idirghníomhacha ar líne uair sa choicís ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta.

Méadófar ar mhuinín an rannpháirtí céim ar chéim i labhairt agus i scríobh na Gaeilge i dtimpeallacht thacúil.

Ullmhú an mhúinteora i dtreo scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

 

Táille an chúrsa €200*

Tuilleadh eolais ar fáil ónár mBainisteoir Oiliúna Tomás Ó Póil cursai@foras.ie | 01-2150190

* Clúdaíonn an táille costais an chúrsa, níl táillí an scrúdaithe TEG san áireamh

 

Deireadh Fómhair 2022: TEG Meánleibhéal 2 (B2)

Ag tosú lár mhí Deireadh Fómhair

 

Struchtúr an chúrsa

10 rang idirghníomhach ar-líne uair sa choicís ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta.

Méadófar ar mhuinín an mhúinteora céim ar chéim i labhairt agus i scríobh na Gaeilge i dtimpeallacht thacúil.

Ullmhú an mhúinteora i dtreo scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

Táille an chúrsa €200*

Tuilleadh eolais ar fáil ónár mBainisteoir Oiliúna Tomás Ó Póil cursai@foras.ie | 01-2150190

* Clúdaíonn an táille costais an chúrsa, níl táillí an scrúdaithe TEG san áireamh

 

Amhrasach mar gheall ar chaighdeán do chuid Gaeilge? Léirigh do chuid spéise sa chúrsa linn agus déanfar teagmháil leat ina leith

 

Deireadh Fómhair 2022: Cúrsa Ardchruinnis Gramadaí

Ag tosú lár mhí Deireadh Fómhair

Oiriúnach dóibh siúd atá i mbun TEG C1 nó dóibh siúd a bhfuil suim acu in Ealaíon Dhorcha na Gramadaí

Struchtúr an chúrsa

  • Is é TEG an cháilíocht inmhianaithe ag ‘An Foras Pátrúnachta’ dóibh siúd a chuireann isteach ar phost nó ar ardú céime inascoileanna.
  • Is cáilíochtaí iontaofa neamhspleácha iad atá aitheanta go hidirnáisiúnta.
  • Cuirfidh sé le do scileanna cumarsáide agus le héifeachtacht an Bhoird Bhainistíochta.
  • Is cúrsaí iad a chuirfidh le d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach.
  • Is cúrsaí iad a chuirfidh le do dheiseanna fostaíochta.

Táille an chúrsa €250*

Tuilleadh eolais ar fáil ónár mBainisteoir Oiliúna Tomás Ó Póil cursai@foras.ie | 01-2150190

Amhrasach mar gheall ar chaighdeán do chuid Gaeilge? Léirigh do chuid spéise sa chúrsa linn agus déanfar teagmháil leat ina leith

Latest News

Training
Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha 2

Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha 2

Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha PC1/PC2 Maidir le hagallaimh PC1/PC2 is gá measúnóirí neamhspleácha a roghnú ón liosta aontaithe idir AFP agus an INTO.  Tá liosta reatha na measúnóirí neamhspleácha d'agallaimh PC1/PC2 glanta anois. Beidh cian-sheisiún oiliúna do...

read more
Dianchúrsa Gaeilge & Ceardlanna Ábhair COGG

Dianchúrsa Gaeilge & Ceardlanna Ábhair COGG

Dianchúrsa Gaeilge & Ceardlanna Ábhair COGG 14-18 Lúnasa 2023 A Phríomhoidí agus a mhúinteoirí, a chairde, Bheimis faoi chomaoin mhór agaibh dá bhféadfadh sibh an t-eolas seo faoin Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair a scaipeadh ar bhur bhfoireann.  Is deis...

read more
Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha PC1/PC2

Oiliúint do Mheasúnóirí Neamhspleácha PC1/PC2

      Maidir le hagallaimh PC1/PC2 is gá measúnóirí neamhspleácha a roghnú ón liosta aontaithe idir AFP agus an INTO. Tá liosta reatha na measúnóirí neamhspleácha d'agallaimh PC1/PC2 glanta anois. Beidh an chéad sheisiún oiliúna ar siúl Dé Céadaoin 24...

read more