Cuireadh Do Bhunscoileanna i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta Páirt A Ghlacadh Sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta Ón Rannpháirtíocht Go Dtí An Cur I Bhfeidhm (Feabhra 2020 – Lúnasa 2021)
Chuig Boird Bhainistíochta, Príomhoidí Agus Foirne Teagaisc i mBunscoileanna Sa Ghaeltacht Nach Bhfuil Sa Scéim Faoi Láthair
Is é cuspóir na hImlitreach seo ná a mheabhrú d’údaráis scoileanna faoin deis eile atá á cur ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (Roinn) do scoileanna i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta chun páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (Scéim) in 2020.
Tá an Roinn tiomanta don soláthar acmhainní breise do scoileanna a chomhlíonann na critéir
theanga-bhunaithe chun an tumoideachas a threisiú ar mhaithe le haitheantas a fháil mar scoil Ghaeltachta faoi théarmaí na Scéime. Leanann an Imlitir seo ó Imlitreacha 0033/2017,
0021/2018 agus 0011/2019 do bhunscoileanna, ina ndearnadh cur síos ar fhorbairt na Scéime don tréimhse ó 2017 go 2020.
Achoimre ar na príomhphointí:
- Tugtar deis bhreise do scoileanna nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim faoi láthair páirt a ghlacadh sa Scéim in Earrach 2020 agus déanfar acmhainní breise a mhearsheoladh do na scoileanna seo atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a threisiú.
- Chun cur isteach ar an Scéim, caithfidh scoil An Fhoirm um Léiriú Spéise a ghabhann leis an Imlitir seo a chomhlánú. (Aguisín 2)
- Ba chóir do scoil atá ag roghnú páirt a ghlacadh sa Scéim plean gníomhaíochta a fhorbairt atá nasctha leis na critéir theanga-bhunaithe chun an tumoideachas1 a neartú, ag cur comhthéacs na scoile san áireamh.

