Tá fiosrúcháin go leor faighte againn maidir le Ciorclán 65/2021 agus scoileanna ag ceannach Glantóirí Aeir (HEPA). Tá seans nach dteastóidh Glantóirí Aeir i ngach seomra nó fiú i ngach scoil. Seo an chomhairle is déanaí chun cabhrú le scoileanna an cinneadh sin a dhéanamh:
- Cuir na moltaí maidir le Céimeanna Praiticiúla chun feidhm a bhaint as Dea-Chleachtais Aerála i scoileanna i bhfeidhm. Ciallaíonn sé seo fuinneoga/doirse a oscailt srl. Eolas le fáil anseo https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/aerala-i-scoileanna/
- Bíodh monatóir Dé-Ocsáid Charbóin sna seomraí ranga. Má tá na céimeanna praiticúla tógtha agus go léiríonn na montatóirí go bhfuil aer úr sa rang ní theastaíonn glantóirí aeir HEPA.
- Má tá monatóir Dé-Ocsáid sa seomra agus go léiríonn sé go leanúnach nach bhfuil an t-aer úr, is gá fios a chur ar innealltóir chun tuairisc a dhéanamh ar an seomra/spás sin.
- Nuair a réitíonn an t-innealltóir tuairisc, is féidir go mbeidh sé ag moladh glantóir aeir a chur sa seomra mar réiteach sealadach. Sa tuairisc beidh moladh mar gheall ar réiteach fadtéarmach. Is féidir íoc as an réiteach fadtéarmach seo as an deontas a tháinig le gairid do mhionoibreacha. Mura bhfuil dóthain airgid sa deontas is féidir iarratas a dhéanamh leis an Roinn íoc as oibreacha éigeandála. Tá eolas anseo faoi sin https://www.gov.ie/ga/ciorclan/19aef-sceim-deontais-oibreacha-eigeandala-ascnamh-chuig-iarratais-ar-line-agus-mionleasuithe-ar-an-sceim/
- Ba chóir fiosruithe ar bith maidir le híocaíochtaí deontas mionoibreacha a sheoladh tríd an ríomhphost chuig pbufinmgt@education.gov.ie
- Ba chóir fiosruithe ar bith maidir le haeráil a sheoladh tríd an ríomhphost chuig:
Schools_Ventilation@education.gov.ie