[:en]
We are asking parents to have their say in relation to exemptions from studying Irish. Please have your say in improving the current flawed system by completing the link here.
[:GA]
Tá dhá chomhairliúchán ar siúl maidir le cúrsai oideachais:
Comhairliúchán ar na díolúintí ó staidéar na Gaeilge – tá bagairt an-mhór ann don Ghaeilge mar chroí-ábhar adteiste sna dreacht ciorcláin curtha chun cinn ag an Roinn Oideachais (breis eolais ar fáil anseo). D’fhéadfadh an córas nua molta acu cur go mór mór le líon na ndiolúintí tugtha do dhaltaí agus mar thoradh air sin stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ardteiste a chur i mbaol. Tá an córas nua molta acu lochtach agus ag seachaint na faidhbe in ionad í a réiteach.
Comhairliúchán maidir le solúbthacht san ardteist (Spriocdháta 8 Eanáir) eagraithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Arís, d’fheadfadh an toradh ar an gcomhairliúchan seo an Ghaeilge mar chroí ábhar ardteiste a chur i mbaol. Beidh eolas breise maidir leis an gceann seo go luath i ndiaidh na Nollaig.
Céard gur féidir leat déanamh ANOIS!?
Tá sé an-an-an-tábhachtach go gcuirfidh daoine moltaí ar aghaidh sna comhairliúcháin seo. Bheadh sé iontach ar fad dá bhféadfá tosú leis an gcéad comhairlúcháin ar na díolúintí agus an suirbhe oifigiúil a líonadh ag an nasc seo.
An féidir an suirbhé a líonadh le do thoil?
[:]