Dianchúrsa Gaeilge & Ceardlanna Ábhair COGG

Jill Mc Mahon

24/05/2023

All News | Training

Dianchúrsa Gaeilge & Ceardlanna Ábhair COGG 14-18 Lúnasa 2023

A Phríomhoidí agus a mhúinteoirí, a chairde,

Bheimis faoi chomaoin mhór agaibh dá bhféadfadh sibh an t-eolas seo faoin Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair a scaipeadh ar bhur bhfoireann.  Is deis iontach an cúrsa seo do mhúinteoirí iar-bhunscoile barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge do theagasc a gcuid ábhar agus is deis tumtha sa Ghaeilge a bheidh ann do mhúinteoirí nua nach bhfuil chomh líofa sin sa Ghaeilge.  Beidh na ranganna teanga á gcur ar fáil ar líne ag Gaelchultúr idir 14 agus 18 Lúnasa agus iad dírithe ar gach leibhéal teanga.  Buaicphointe an chúrsa seo ná an lá iontach a chuirfear ar fáil i gColáiste na Coiribe, Gaillimh,  i lár an chúrsa – 16 Lúnasa – ina mbeidh seans ag múinteoirí teacht le chéile le múinteoirí eile a mhúineann an t-ábhar céanna leo agus comhairle faoi theagasc an ábhair sin a fháil ó speisialtóirí. 

 Cuirfear liúntas taistil agus cothabhála flaithiúil ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar an lá seo i nGaillimh.

 Tá gach eolas ar fáil thíos agus is féidir clárú ag www.cogg.ie/dianchursa/