Is léir ó na fiosrúcháin agus na glaonna a fhaighimid go bhfuil cúrsaí CNOS/NCSE ag dó na geirbe ar go leor scoileanna agus ag cruthú frustrachais daoibh.
Chuige sin is mian linn plé chruinniú a eagrú ag 15.00 an 2ú Márta chun plean gnímh a chur le chéile chun dul i ngleic leis seo agus chun cur leis an tacaíocht a thabharfaidh AFP daoibh ar an ábhar seo.
Chun go n-ullmhóimid i gceart don gcruinniú ba mhaith liom tuairim a fháil uaibh maidir le cad ba mhaith libh a phlé ag an gcruinniú agus chuige sin bheinn buíoch a rphost a fháil uaibh maidir leis na ceisteanna a théann i bhfeidhm ar bhur scoileanna féin. Dá mbeadh sibh ann cuntas gairid a chur chugam ar bhur ndúshlán féin i leith OS bheadh sé sin togha. Cuirfimid ceisteanna comónta le chéile d’fhonn dúbláil a sheachaint.
I measc na samplaí d’ábhair plé tá
- Fadhbanna achomhairc le NCSE
- Critéir maidir le Rang speisialta a bhunú.
- Tuiscint CNOS ar Riachtanais an Ghaeloideachais
- Freastal ar scoileanna trí Ghaeilge.
- Cumarsáid ó CNOS
- Cúrsaí SENO
Seo an nasc cláraithe https://us02web.zoom.us/meeting/register/tZclfumhrjkqH9TW9_5AA07xU6zgJud855mt