[:en]
Please view the Irish version of this page.
[:GA]
TALLANN GAN TEORAINN AG CRAOBHCHOMÓRTAS
SCLÉIP GAEL LINN 2019!
Bhí tallann gan teorainn ar stáitse ag Craobhchomórtas Scléip 2019 a d’eagraigh Gael Linn, Dé Céadaoin seo caite, 30 Eanáir 2019. In ainneoin na drochaimsire, thaisteall suas le 300 scoláire ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na tíre, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, go hamharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath do bhuaicphointe na bliana den chomórtas tallainne seo, ina mbíonn an bhéim ar na healaíona comhaimseartha. Cháiligh na hiomaitheoirí uilig trí réamhbhabhtaí réigiúnacha roimh Nollaig, ag a bhfuaireadar comhairle ó mholtóirí aitheanta sna réimsí éagsúla.
Chun freastal ar an líon mhór iomaitheoirí arís i mbliana, reáchtáladh dhá halla comórtais i rith na maidine. Cuireadh tús breá leis an lá san amharclann leis na comórtais Rince Cruthaitheach idir shóisir agus shinsir. I measc na scoileanna a chuir taispeántais de ardchaighdeán i láthair an lucht féachana, bhí Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Meánscoil Gharman, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste na Coiribe, Gaillimhe, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna agus Gaelcholáiste Cheatharlach ! Lean cúrsaí ar aghaidh an leis an gcomórtas don Slua-Amhránaíocht, ina raibh deis ag scoláirí ó Scoil Iosaef, Domhnach Mór, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua,Meánscoil San Nioclás, An Rinn agus Gaelcholáiste Cheatharlach , a gcuid scileanna amhránaíochta agus cóireagrafaíochta a léiriú.
Ghlac scoláirí, idir sóisearacha agus sinsearacha, ó chuid de na scoileanna céanna, mar aon le hiomaitheoirí ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair agus Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh, páirt ansin sa chomórtas Amhránaíocht Comhaimseartha le Fuaimrian Tacaíochta.
Bhí na moltóirí, an rinceoir aitheanta Máire Uí Mhurchú agus an ceoltóir agus craoltóir, Edel Ní Churraoin, an-tógtha leis na míreanna ar fad a chonaic agus a chuala siad i rith na maidine.
Ag an am céanna bhí scoláirí ó Choláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, ar stáitse i Seomra Tom Corbett sna comórtais Ceol Aonair Comaimseartha agus Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan, in éineacht le hiomaitheoirí ó na scoileanna atá luaite cheana. Ach an oiread le anuraidh, bhain na hamhránaithe agus na ceoltóirí óga, cuid acu a raibh píosaí ceoil nó amhráin féin-chumtha acu, sár-chaighdeán amach, dar leis na moltóirí, Enda Reilly agus Eoin Ó Meachair.
I ndiaidh an lóin, bhí iomaíocht ghéar sna rannóga sóisearacha agus sinsearacha den chomórtas Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan. An t-am seo, chuaigh grúpaí ó Ghaelcholáiste Luimnigh, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, Coláiste Cois Life, Leamhcán agus Coláiste Eoin, Baile an Bhothair, Baile Átha Cliath ar stáitse, mar aon leis na rannpháirtithe eile. Bhí aitmeasféar iontach sa halla i measc an tslua mhóir a bhí i láthair, agus cuireadh daoine ar a gcosa leis an gceol agus amhránaíocht ó na grúpaí iontacha uilig ! Ba iad Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá, a chur an seó i láthair go paiseanta i rith an lae.
Tháinig deireadh leis an lá agus am na ciniúna róscioptha! Thug na moltóirí léirmheas ar a raibh feicthe acu ar ardán agus thugadar ardmholadh do phobal óg na Gaeilge as siamsaíocht den scoth a thaibhiú. Bhí jab dúshlánach rompu agus duaiseoirí, idir céad agus dara háit, le roghnú i ngach comórtas, ach tar éis go leor plé, fógraíodh gurb iad seo a leanas na buaiteoirí:
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ):
An chéad áit-Ciara, Ríoghnach, Deirdre, Erin agus Katelyn, Pobalscoil Ghaoth Dobhair,
Tír Chonaill
An dara háit-Holly agus Rachel, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ):
An chéad áit-‘Spéirling’, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
An dara háit-‘Taomchroí’, Gaelcholáiste Cheatharlach
Slua-Amhránaíocht:
An chéad áit- ‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
An dara háit- ‘Guth na nÓg’, Meánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Co. Phort Láirge
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Fuaimrian ( Sóisear ):
An chéad áit-Hannah Nic Pháidín, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill agus
Gradam Scléip 2019 ( don mhír ab fhearr ag an Craobh )
An dara háit- Áine Ní Chadáin, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí
Amránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Fuaimrian ( Sinsear ):
An chéad áit- Lauryn Ní Riain, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
An dara háit- Aimee Ní Bhruacháin, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Ceol Aonair Comaimseartha ( Sóisear ):
An chéad áit-Katarina Nic Roibeaird, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis
An dara háit-Pól Mac Giolla Easpaig, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill
Ceol Aonair Comaimseartha ( Sinsear ):
An chéad áit-Afraic Ní Bhróithe, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill
An dara háit-Sam Ó Briain, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ):
An chéad áit- Patricia Ní Leathlobhair, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
An dara háit-Ciara Nic an Fhaillí, Gaelcholáiste Cheatharlach
Amránaíocht Aonair Chomhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ):
An chéad áit- Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill
An dara háit- Jade Buttle, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
Grúpa Amhranaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ):
An Chéad Áit: ‘Arco’, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Co. na Gaillimhe
An Dara hÁit: ‘Saol an Deiscirt’, Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach
Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear )
An Chéad Áit: ‘Rasta Cneasta’, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill
An Dara hÁit: ‘Anlann Pasta’, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh agus
Gradam Nós.ie 2019 (don amhrán nua-chumtha ab fhearr sna comórtais amhránaíochta )
Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, agus Colm Ó hArgáin, Foras na Gaeilge, leis na rannpháirtithe uilig.
Bronnadh plaiceanna, a bhí deartha go speisialta don ócáid, orthu uilig. Anuas air sin, bhí Gradam Scléip 2019 le bronnadh ar an mhír ab fhearr ag an gCraobh. Bhí na moltóirí ar aon fhocal go raibh an duais seo tuillte go mór ag Hannah Nic Pháidín, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, a raibh buanna ar leith amhránaíochta agus ceoil aici !
Bhí Gradam Nós 2019 le bronnadh ansin don amhrán nua-chumtha ab fhearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa. Bhí lúcháir an domhain ar an ngrúpa ‘Anlann Pasta’ ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, glacadh leis an ngradam speisialta seo ó Mhaitiú Ó Coimín, Eagarthóir Nos.ie.
Agus tá súil go dtabharfar cuireadh do bhuaiteoirí na gcomórtas amhránaíochta páirt a ghlacadh i bhféile siamsaíochta ‘Féile na Gealaigh’ sa samhradh!
Bhí criú Molscéal TG4 i láthair ar an lá agus beidh fís faoin ócáid le feiceáil ar a suíomh agus ar an aip go luath ! Beidh taifeadadh phroifisiúnta á dhéanamh ar fhormhór na buaiteoirí sna comórtais amhránaíochta in am tráth, chomh maith, eiseófar dlúthdhiosca amach anseo, agus beidh deis ag lucht éisteachta raidió deis iad a chloisteáil ar leithéidí Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá, Raidió na Life agus Nós!
Thar ceann Gael Linn, mhol Seán Ó Ceallaigh na múinteoirí díograsacha a spreag na daltaí le bheith páirteach sa chomórtas agus dúirt: ‘Tá sé cruthaithe ag grúpaí ar nós Seo Linn, IMLÉ agus Kneecap, go bhfuil éileamh ar amhráin agus ceol chomhaimseartha i nGaeilge i measc óige na tíre. Tá áit lárnach ag an gceol seo anois ag féilte ar nós an Phicnic Leictreach agus Féile na Gealaí agus tá Scléip ag cothú go leor de na ceoltóirí óga a bheas ag seinm ag na féilte seo sna blianta amach romhainn’. Ghabh sé buíochas le Foras na Gaeilge as a dtacaíocht airgid don chomórtas.
Críoch
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie nó
Seán Ó Ceallaigh 01:6753299/087:2510980/seanc@gael-linn.ie
[:]