CLÁRAIGH ANOIS: Comhdháil na bPríomhoidí 2024

Jill Mc Mahon

09/01/2024

Events | All News

Tá clárúchán anois ar oscailt do Chomhdháil na bPríomhoidí agus do Sheisiún Oiliúna na gCathaoirleach agus na bPríomhoidí. Beidh na himeachtaí seo ar siúl i gCaisleán Barberstown, Teach Srafáin, Cill Dara ar 26 & 27 Eanáir (Aoine & Satharn). Gheobhaidh tú dréachtchlár thíos.

Táimid ag tnúth le sibh a fheiceáil, go háirithe príomhoidí atá nua sa ról; agus le bualadh le cathaoirligh nua inár scoileanna den chéad uair.

Tá clár lán againn daoibh le cainteanna ó Gaeloideachas, COGG, Mason Hayes & Curran, Oide agus eile. Beidh dhá leabhar á seoladh agus tráthnóna Aoine beidh fáiltiú fíona agus béile na comhdhála ar siúl. Táimid an-bhuíoch dár n-urraitheoirí as maoiniú a thabhairt dúinn a chuireann ar ár gcumas na himeachtaí seo a chur ar fáil daoibh saor in aisce.

Cláraigh anois don chomhdháil ag an nasc seo. Beidh eolas faoi lóistín seolta chugat ar rphost díreach tar éis duit clárú ar an suíomh. Bígí i dteagmháil linn má tá aon cheist agat.