Comhairliúchán: Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta & Litearthachta Digití

Jill Mc Mahon

24/01/2023

Circulars | All News

Aidhm:

Tá an Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag obair i dteannta a chéile ar fhorbairt na straitéise a thiocfaidh i ndiaidh an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus don Saol agus an tAthbhreithniú Eatramhach den Straitéis Náisiúnta.

Tá próiseas comhairliúcháin fadréimseach ar bun chun tacú le forbairt na straitéise seo. Tá cuireadh tugtha don phobal i gcoitinne agus páirtithe leasmhara san oideachas, ina measc múinteoirí, oideoirí luathbhlianta agus tuismitheoirí, páirt a ghlacadh trí shuirbhé ar-líne.

 

Suirbhé ar-líne

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa tsuirbhé ar-líne anseo

Is féidir freisin aighneacht a chur i ríomhphost chuig LNDLconsultation@h2.ie

Ba mhian leis an roinn próiseas cuimsitheach comhairliúcháin a threorú, agus glacfar le foirmeacha malartacha aighneachtaí. Téigh i dteagmháil le literacyandnumeracyretu@education.gov.ie más mian leat aighneacht a chur isteach i bhfoirm nach cáipéis í, nó chun tacú le duine ar mian leo a dtuairimí a chur in iúl.