Ciorclán 0078/2026: Stailceanna Oibre
Leagtar amach sa chiorclán 0078/2026 treoirlínte maidir le stailceanna oibre ag ceardchumainn san earnáil oideachais.
Réamhrá:
Ceardchumainn san Earnáil Oideachais ag tabhairt faoi Stadanna Oibre
1. Tá treoir tugtha dom ón Aire Oideachais agus Óige, tú a chur ar an eolas go bhfuil ceardchumainn a dhéanann ionadaíocht ar pháirtithe éagsúla foirne, lena n-áirítear múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta (CRSnna), agus foirne eile scoile ag tabhairt faoi stad oibre aon lae ar an 14 agus an 21 Deireadh Fómhair 2026 agus go bhfuil sé seo ag eascairt ó thorthaí ballóide is déanaí i measc a mball. Más amhlaidh go mbíonn stadanna oibre aon lae eile ar bun mar chuid den ghníomhaíocht thionsclaíoch seo, beidh feidhm ag forálacha an chiorcláin seo.
2. Tá sé suas den bhainistíocht scoile (an Príomhfheidhmeannach más scoileanna BOO atá i gceist) cinneadh a dhéanamh ar chóir dá scoil oscailt dár ndaltaí ar na laethanta seo. Agus an cinneadh seo á dhéanamh, ní mór na rioscaí Sláinte & Sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hoscailt na scoile mar is gnách a thabhairt chun cuimhne, nuair a chuirtear san áireamh an líon foirne a gceaptar a ghlacfaidh páirt sna stadanna oibre seo.
3. Má thagtar ar chinneadh gan an scoil a oscailt le haghaidh na ndaltaí ar na dátaí sin, ní mór cúram a dhéanamh de, go gcuirtear tuismitheoirí, caomhnóirí agus daltaí ar an eolas laistigh de thréimhse ama chuí, le go mbeidh deis acu socrúcháin mhalartacha a dhéanamh.
4. Ní féidir íocaíocht a dhéanamh le ball foirne le haghaidh tréimhsí asláithreachtaí neamhúdaraithe de bharr gníomhaíocht thionsclaíoch. Ba chóir d’fhostóirí a chinntiú go bhfuil na socruithe cuí i bhfeidhm chun an Párolla ábhartha a chur ar an eolas, laistigh de thréimhse ama réasúnta, maidir le fostaithe atá rannpháirteach i ngníomhaíocht thionsclaíoch agus aon laghduithe pá atá chun tarlú dá bharr nó aon athruithe atá de dhíth. Léigh litir iomlán anseo (PDF)…
Treoir An Foras Pátrúnachta:
Molaimid do phríomhoidí Imlitir 0078/2026 a léamh agus a chinntiú go gcuirtear baill an Bhoird Bhainistíochta (go háirithe an Cathaoirleach) ar an eolas fúithi. D’fhéadfadh an treoir seo a leanas a bheith ina cuidiú do scoileanna freisin:
1. An féidir linn ár scoil a dhúnadh Dé Céadaoin, 14 Deireadh Fómhair 2026?
Is faoin mBord Bainistíochta atá sé cinneadh a dhéanamh, ar bhonn sláinte agus sábháilteachta, an féidir leis an scoil a oscailt nó an gcaithfidh sé í a dhúnadh ag brath ar líon na bhfostaithe a bheidh ar fáil chun obair a dhéanamh.
Má dhéantar cinneadh an scoil a dhúnadh, ba cheart fógra a thabhairt do thuismitheoirí faoin dúnadh a luaithe is féidir. Beidh a mbealach féin ag go leor scoileanna chun cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí, ach d’fhéadfadh an téacs simplí seo a leanas a bheith ina chuidiú.
A Thuismitheoirí agus a Chaomhnóirí, a chairde,
Tabhair faoi deara go mbeidh ár scoil dúnta amárach, an 14 Deireadh Fómhair 2026 mar gheall ar an stailc náisiúnta atá á reáchtáil ag oibrithe seirbhíse poiblí. Rinneadh an cinneadh an scoil a dhúnadh ar chuiseanna sláinte agus sábháilteachta.
2. Cén chaoi a mbeidh a fhios againn cé atá ar fáil chun obair a dhéanamh?
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil ach baill den INTO agus baill de Fórsa atá ina gcúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna) faoi chosaint dhlíthiúil má bhíonn siad as láthair ón obair chun dul ar stailc an 14 Deireadh Fómhair 2026.
Ar an gcúis sin, ba cheart iarraidh ar gach ball foirne a chur in iúl don bhainistíocht an mbeidh siad ar fáil chun obair a dhéanamh an 14 Deireadh Fómhair 2026. Is féidir é sin a chur in iúl don bhainistíocht go pearsanta nó i scríbhinn. D’fhéadfadh an téacs seo a leanas a bheith ina chuidiú do scoileanna:
A bhall foirne, a chara,
Chuir an INTO agus Fórsa araon in iúl don Bhord Bainistíochta go bhfuil treoir tugtha dá mbaill dul ar stailc amárach, an 14 Deireadh Fómhair.
Is mian leis an mBord deis a thabhairt do gach ball foirne a chur in iúl an mbeidh siad ar fáil chun obair a dhéanamh, ar eagla go rachaidh an stailc ar aghaidh.
Freagair an ríomhphost seo, le do thoil, má bheidh tú ar fáil chun obair a dhéanamh amárach. Tabhair faoi deara, mura bhfaighfear do fhreagra ar an ríomhphost seo faoin [cuir isteach dáta agus am], glacfar leis nach mbeidh tú ar fáil chun obair a dhéanamh an 14 Deireadh Fómhair.
3. Cén chaoi a ndéanfar taifead ar neamhláithreachtaí foirne an 14 Deireadh Fómhair 2026?
Sa chás go ndúntar scoil de bharr sláinte agus sábháilteachta agus go bhfuil ball foirne tar éis a chur in iúl go bhfuil siad ar fáil chun obair a dhéanamh, ní gá neamhláithreacht saoire a thaifeadadh ar an OLCS i leith an bhaill foirne sin.
Ba cheart neamhláithreacht na mball foirne a bheidh ar stailc an lá sin a thaifeadadh ar an gCóras Éileamh Ar Líne (OLCS) faoin gCatagóir Saoire “School Business” agus faoin bhFochatagóir Saoire “Strike in School”.
Ba cheart saoire na mball foirne a bheidh ag baint leasa as cineálacha eile saoire an lá sin, amhail saoire mháithreachais nó saoire cúramóraí, a thaifeadadh ar an ngnáthbhealach.
Ba cheart do bhainistíocht na scoile a chinntiú go gcuirtear socrú comhchosúil i bhfeidhm i leith aon bhaill foirne nach n-íoctar trí chóras párolla na Roinne.

