There were great celebrations at Gaelscoil Eiscir Riada in Lucan recently as the school’s new building was officially opened.
Bernard Dunne, the famous boxer and passionate Gaeilgeoir, was there on the day to cut the red ribbon. He spoke to pupils and their parents about the importance of the language. Bernard said that if someone like him – who has had so many hits to the head – can learn Irish then anyone can learn Irish!
Bhí ceiliúradh mór ar siúl i nGaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán le gairid. Osclaíodh foirgneamh nua na scoile go hoifigiúil.
Bhí Bernard Dunne, dornálaí mór le rá agus Gaeilgeoir paiseanta, i láthair chun an ribín dearg a ghearradh. Labhair sé le tuismitheoirí agus le cairde na scoile maidir le tábhacht na teanga. Dar le Bernard, más féidir le duine mar é – a fuair an méid sin buille sa cheann – Gaeilge a fhoghlaim, ba chóir go mbeadh aon duine in ann é a dhéanamh!
Gaelscoil Eiscir Riada was set up in 2005. The school started out with 26 pupils; there are 430 pupils attending the school this year.
Each class group did a presentation for the audience and parents who weren’t able to make it on the day had the opportunity to tune in online.
The school choir brought the opening ceremony to an end. They sang Adele and Bruno mars song through Irish. Afterwards, a big party was held in the school hall and parents had a chance to look at their children’s work.
The school’s principal, Damhnait Uí Ruairc said the pupils thought it was the best the at school ever!
For more information on Gaelscoil Eiscir Riada visit www.gser.ie
Bunaíodh Gaelscoil Eiscir Riada in 2005. Thosaigh an scoil amach le 26 dalta. Tá 430 dalta ag freastal uirthi i mbliana.
Chuir grúpa ó gach rang mír i láthair don lucht féachana agus bhí an deis ag tuismitheoirí nach raibh in ann a bheith i láthair, breathnú ar an ócáid beo ar líne.
Chuir cór na scoile críoch leis an oscailt. Chan siad amhráin ó Adele agus Bruno Mars trí mheán na Gaeilge. Bhí cóisir mhór sa halla ina dhiaidh sin agus tugadh an deis do thuismitheoirí breathnú ar na seomraí éagsúla agus ar obair na bpáistí.
Dar le príomhoide na scoile, Damhnait Uí Ruairc, cheap na daltaí gurb é an lá scoile is fearr riamh!
Tá tuilleadh eolais faoi Ghaelscoil Eiscir Riada ar fáil ag www.gser.ie