Osclaíodh foirgneamh nua Gaelscoil Chluain Meala inné ag Paidí Ó Lionáird ó TG4. Is scoil de chuid An Fhorais Phátrúnachta í atá lonnaithe sa Bhaile Gaelach i gCluain Meala. Tá an fhoirgneamh nua feistithe le réimse leathan áiseanna den chéad scoth.
Ag labhairt linn inné, dúirt Karen Mhic Gearailt, príomhoide na scoile “Tá lúcháir orainn go bhfuil doirse ár bhfoirgneamh scoile úrnua oscailte faoi dheireadh againn. Seo mar thoradh ar 27 bliana d’obair mhór na dtuismitheoirí, na foirne, an Bhoird Bainistíochta agus ár bpátrún, An Foras Pátrúnachta. Is ábhar misnigh é go bhfuil an Ghaeilge ag fás léi sa cheantar seo, agus go bhfuil an oiread sin daltaí ag foghlaim trí Ghaeilge le chéile. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh go leor teaghlach nua inár scoil nua.”
Bhí an ghaelscoil lonnaithe i gcóiríocht shealadach ó 1994. Taistealaíonn daltaí ó chúig pharóiste dhéag chun oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil Chluain Meala.. Ag labhairt ann inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Fhorais Phátrúnachta: “Tá an t-éileamh ar an ngaelscolaíocht ag fás i gcónaí. Freastalóidh an foirgneamh nua seo ar an bhfás ar an ngaelscolaíocht go háitiúil. Tuigeann tuismitheoirí níos mó ná riamh na buntáistí breise a chuireann an tumoideachas ar fáil – éiríonn níos fearr le daltaí go hacadúil, bíonn sé níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim agus baineann siad leas as deiseanna fostaíochta níos fearr. Tá ríméad orainn tús a chur leis an gcaibidil nua seo i nGaelscoil Chluain Meala. Tá scoileanna faoin bhForas ag cur oideachais ar 17,000 dalta agus tá ár scoileanna oscailte do chách. Tá sé mar aidhm againn oideachas den scoth trí Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste in Éirinn atá á iarraidh.”
CRÍOCH
Teagmháil: Karen Mhic Gearailt, Príomhoide Teil: 0526127271 • Beidh agallaimh ar fáil le príomhoide na scoile Karen Mhic Gearailt, Caoimhín Ó hEaghra ar son na heagraíochta, An Foras Pátrúnachta, agus le tuismitheoirí agus daltaí ach iad a iarraidh. • Beidh an Grianghrafadóir John D Kelly ag eisiúint grianghraif chuig na meáin
Posted In Events , News, News from Schools, Press
Beidh an triú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh ar siúl an 10 agus 11 Meitheamh 2022 i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Éire. Is é is aidhm leis an gcomhdháil idirnáisiúnta seo an lucht léinn, cleachtóirí agus daoine gairmiúla a thabhairt le chéile chun taighde, teoiric agus dea-chleachtais an tumoideachais a chomhroinnt agus a phlé, agus chun plé gairmiúil bríoch a thionscnamh agus a chothú i dteangacha, ar leibhéil agus i gcomhthéacsanna éagsúla an tumoideachais.
Pléfear na téamaí seo leanas:
Tá An Foras Pátrúnachta ag tnúth go mór leis sibh a fheiceáil ann.
The Lá Mór na Gaeilge street festival will take place this Sunday, 01/05, on Parnell Square North from 12:00-16:00. This will be a fantastic, and free event, with perfect entertainment for families on the long weekend (everything from music, céilí, giant games such as twister, workshops, etc. to face painting, clowns, etc.).
Fluent or cúpla focal – All are welcome and there will be something for everyone on the day.
Ba mhór ag SEALBHÚ tú a bheith i láthair ag sraith seimineár gréasáin ar Ghnéithe d’Oideachas na Gaeilge, Dé Máirt 15, 22, & 29 Márta 2022 ar 7.00i.n
Gnéithe d’Oideachas na Gaeilge
Dé Máirt, 7.00i.n.
Cláraigh anseo: https://dcu-ie.zoom.us/meeting/register/tJApduCurDgiHtbgjpMtYLlL6LG7d2tkADHC
Faigh thíos clár oiliúna 2022 do bhord bainistíochta na scoile.
Clúdófar ábhair ar nós cúrsaí dlí, cosaint sonraí, airgeadais agus earcaíocht.
Tapaígí an deis anois! Cláraígí ag na naisc Zoom thíos.
28 Aib 2022, 3:00 i.n. | Conas tacú le daltaí trasinscneacha |
12 Beal 2022, 7:00 i.n. | Cláraigh anseo: Cosaint Leanaí Cuid 2 |
19 Beal 2022, 7:00 i.n. | Cláraigh anseo: Cúrsaí Dlí – Polasaí Iontrála |
26 Beal 2022, 7:00 i.n. | Cláraigh anseo: An Bord Mar Aonán Corparáideach |
Fiosrúcháin | tomas@foras.ie |
01-2150190 | |
Posted In Boards of Management, Events , News, Training
D’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) Dréachtchreat Curaclaim na Bunscoile i gcomhair comhairliúcháin i mí Feabhra 2020. De bharr na gcúinsí dúshlánacha a bhain le COVID-19, áfach, ní raibh an deis ag scoileanna páirt a ghlacadh ann.
Tá comhairliúchán le bunscoileanna agus scoileanna speisialta maidir leis na príomhtheachtaireachtaí le haghaidh curaclam athfhorbartha sa dréachtchreat athoscailte anois. Ag leanúint ar aghaidh chuig deireadh mhí Feabhra 2022, táimid ag súil go mór le cloisteáil ó mhúinteoirí, ó cheannairí scoile, ó pháistí agus ó thuismitheoirí, agus a bheith ag obair leo trínár seimineáir ar líne agus trínár n-imeachtaí grúpa fócais. Más féidir, eagróimid imeachtaí comhairliúcháin aghaidh ar aghaidh go luath in 2022, ag brath ar chomhairle sláinte phoiblí.
Gheobhaidh tú sonraí maidir leis an gcomhairliúchán ar www.ncca.ie/bunscoil chomh maith le naisc chuig ceistneoir ar líne, foirm aighneachta scríofa agus ábhair chomhairliúcháin do cheardlanna sna scoileanna. Is féidir leat clárú le haghaidh nuashonruithe rialta ó CNCM ach clárú dár nuachtlitir.
Tá obair ar bun lenár scoileanna ilchreidmheacha chun forbairt a dhéanamh ar an gclár Croí na Scoile. Tá clár tacaíochta ar fáil do scoileanna ilchreidmheacha “óga” chomh maith chun tacú leo agus iad ag cur tús leis an gcur i bhfeidhm sa scoil.
Gné eile a bhaineann leis an bpost ná athchumrú scoileanna, ag teacht le feachtas na Roinne chun ard a dhíriú ar oideachas ilchreidmheach i scoileanna ar fud na tíre. Roinnfimid tuilleadh eolais agus rachaimid i gcomhairle lenár scoileanna maidir leis an ábhar seo i rith na bliana.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Sorcha ag sorcha@foras.ie má bhíonn tuilleadh eolais de dhíth nó más mian leat páirt a ghlacadh sa mheitheal forbartha don chlár Croí na Scoile.
There will be an information meeting about the enrolment process for the satellite of Coláiste Ghlór na Mara, Dundalk, next Monday at 6pm on Zoom. Closing date for applications, 22nd October 2021.
Topic: CGNM Dún Dealgan
Posted In Events , News, News from Schools, Press