BUNSCOILEANNA & IAR-BHUNSCOILEANNA: Socruithe Cigireachta Athbhreithnithe Ó 25 Samhain 2021

Jill Mc Mahon

24/11/2021

All News | Uncategorized

Ón 25 Samhain 2021 amach, tá athbhreithnithe déanta ar na socruithe cigireachta atá leagtha amach in Imlitir 32/2021 agus in Imlitir 33/2021. Tá eolas faoi na hathbhreithnithe seo ar fáil anseo

Tá Cigireacht na Roinne go mór san airdeall faoin tionchar a bhí, agus atá i gcónaí, ag paindéim Covid ar obair scoileanna. Tá a clár cigireachta do scoileanna coigeartaithe i bhfianaise an chomhthéacs seo. Ón 25 Samhain 2021, déanfar gníomhaíocht chigireachta a theorannú dóibh seo a leanas:

  1. Cigireachtaí um chosaint leanaí, a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna 2017 na Roinne i gcomhlíonadh dhualgais an Aire faoin Acht um Leanaí ar dTús 2015;
  2. Cigireachtaí ar scoileanna atá lonnaithe in Aonaid Cúraim Speisialta agus in Ionaid Coinneála Leanaí ina gcuirtear soláthar oideachais ar fáil do leanaí atá á choinneáil faoi orduithe cúirte (caithfear na saoráidí seo a iniúchadh go bliantúil mar gheall ar ard-leochaileacht na bhfoghlaimeoirí lena mbaineann);
  3. Cigireachtaí leantacha riachtanacha chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm moltaí práinneacha a d’eascair ó chigireachtaí um chosaint leanaí agus ó chigireachtaí eile roimhe seo;
  4. Cuairteanna comhairleach-dhírithe maidir le Tacú le Soláthar Sábháilte Scolaíochta (TSSS) a tharlaíonn chun monatóireachta dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart frith-Covid lena chinntiú gur timpeallachtaí oibre agus foghlama sábháilte iad scoileanna; éilítear na cigireachtaí seo faoin “Prótacal Náisiúnta um Obair go Sábháilte COVID-19 d’Fhostóirí agus d’Oibrithe” agus tuairiscítear orthu go rialta don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus do Roinn an Taoisigh;
  5. Cuairteanna éigeandála práinneacha chuig scoileanna.

LÉIGH TUILLEADH ANSEO…