[:GA]Tá ár n-eagraíocht ag fás agus tá na pobail a bhfuil ár scoileanna ag freastal orthu ag fás leis. Ar an ábhar sin, is mian leis An Foras Pátrúnachta Bainisteoir Sainspiorad & Athchumraithe a earcú a bheidh ag plé leis an éileamh ar éagsúlacht ó na scoileanna.
Tá eolas mar gheall ar an bhfolúntas ar fáil san fhógra poist anseo.
Maidir le AFP:
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 79 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.
Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.
Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.
[:en]As this is an internal vacancy, please change your language selection to Irish.[:]