Athbhreithniú ar Acht EPSEN

Jill Mc Mahon

15/02/2023

Circulars | Events | All News | Special Educational Needs

Tá athbhreithniú tosaithe ag an Roinn Oideachais ar an reachtaíocht a sholáthraíonn oideachas do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

 

Is é an acht um oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, 2004, a thugtar an Acht Epsen air, a sholáthraíonn oideachas do leanaí faoi aois 18 a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

 

Sí aidhm an athbreithnithe seo ná gealltanas a thabhairt go bhfuil an dlí maidir le soláthar oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu suas-chun-dáta, go hiomlán i bhfeidhm, agus go léiríonn sé taithí saoil daltaí agus tuismitheoirí. Cuideoidh an t-athbhreithniú seo linn tuiscint a bheith againn air a bhfuil ag obair sa dlí agus an cóir gnéithe a leasú.

 

Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, beidh comhairliúchán poiblí ar siúl. Lorgóidh an comhairliúchán seo tuairimí réimse leathan eagraíochtaí agus daoine aonair atá taithí acu leis an dlí agus leis na seirbhísí a sholáthraíonn sé. Is cuid tábhachtach den athbhreithniú é taithí saoil daltaí agus iar-dhaltaí agus a dtuismitheoirí a thaifead.

 

Ar mhaithe leis seo, tá an Roinn ag lorg cúnaimh trí iarraidh an t-eolas faoin gcomhairliúchán poiblí agus an nasc don suirbhé a roinnt i measc do phobal scoile https://www.gov.ie/ga/comhairliuchan/comhairliuchan-athbhreithnithe-epsen/.

 

Tá suim ar leith ag an Roinn éisteacht le daltaí agus a dtuismitheoirí, agus daoine óga a d’fhág an scoil le déanaí.

Tá sé ríthábhachtach go bhfeiceann an-chuid daoine an comhairliúchán poiblí seo, ionas gur féidir linn réimse leathan taithí agus tuairimí a bhailiú ó dhaoine difriúla.

 

Tá an Roinn tiomanta tuairimí dhaoine faoi mhíchumas a thabhairt san áireamh i gceapadh polasaí. Beidh fócasghrúpaí ar siúl le tuismitheoirí agus daltaí sna míonna atá le teacht.

 

Nuair atá an próiseas suirbhé críochnaithe, foilseoidh an Roinn páipéar comhairliúcháin, agus beidh ócáidí comhairliúcháin breise ar siúl. Más mian leat cuireadh a fháil chuig ócáid chomhairliúcháin, téigh i dteagmháil leis an Roinn ar epsen@education.gov.ie.