[:en]
On behalf of An Foras Pátrúnachta we share thoughts and prayers with the family, friends and colleagues of Feargal Ó Cuilinn on his passing today. Ar dheis dé go raibh a anam.
[:GA]
Feargal Ó Cuilinn RIP
Is cúis mhór bhróin ag Bord Stiúrtha An Foras Pátrúnachta go bhfuil Feargal Ó Cuilinn, iarstiúrthóir na heagraíochta, imithe ar shlí na fírinne. Fuair Feargal bás inniu 13 Deireadh Fómhair 2017, tar éis breoiteacht ghairid. Déanann stiúrthóirí agus foireann na heagraíochta comhbhrón ó chroí lena mháthair Bridie, lena bheirt iníonacha, Louise agus Aedín, lena iarbheanchéile Jean, lena pháirtnéir Anna, a hiníonacha siúd Naoise agus Aoife, lena chlann agus lena ghaolta uilig.
Bhí Feargal fostaithe le Glór na nGael ón mbliain 2014 i leith ach bhí sé féin agus foireann Ghlór ag obair as lámha a chéile le blianta fada roimhe sin, le linn dó a bheith ag feidhmiú mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar.
Is iomaí togra agus tionscadal a raibh Feargal gafa leo agus lárnach iontu. B’é bunú agus buanú Ghaelscoil Bharra, i gCabrach, a bhí ar bharr a liosta tosaíochtaí le fada an lá agus b’ábhar bróid dó é go raibh foirgneamh buan faighte ag an scoil i mbliana, tar éis breis agus fiche bliain. Thuig sé tábhacht an oideachais do thodhchaí na Gaeilge agus d’fheidhmigh sé ar Bhoird Bhainistíochta éagsúla, ina measc, Gaelscoil Chabhrach, Gaelscoil Chill Mhantáin, Gaelscoil Nás na Ríogh, Coláiste Mhuire, ar Bhord Stiútha Ghaelscoileanna (Gaeloideachas teo.) agus ar feadh tréimhse fhada mar Chisteoir ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge.
Ní raibh a obair dheonach teoranta don oideachas amháin: bhí sé gafa le Bord Stiúrtha Rith Teo. óna bhunú sa bhliain 2010 agus bhí dílseacht dho-chloíte aige dá chlub Robert Emmets CLG. Bhí spéis mhór ag Feargal i gcúrsaí staire agus saineolas suntasach aige inti, a roinn sé linn ar fad, go fial.
Is iomaí teaghlach lán-Ghaeilge a mbeidh cuimhne acu ar chineáltas Fheargail ag ócáidí agus ag deireadh seachtaine sóisialta na heagraíochta Comhluadar. B’é Feargal a bhí i gcónaí amuigh chun tosaigh ag cur fáilte roimh thuismitheoirí agus roimh pháistí araon. Beidh cuimhne bhuan ar cé chomh sona is a bhí sé agus é ag freastal ar saoire Ghaeltachta Comhluadar/Glór na nGael i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ’chuile samhradh. Níor aithin Feargal aon difríocht idir dhaoine éagsúla; bhí sé lách le gach duine a tháinig chuige.
Thar rud ar bith eile, ba fhear clainne é Feargal Ó Cuilinn. Bhí a ról mar athair lárnach i ngach rud a rinne sé agus níl aon rud nach ndéanadh sé dá chlann ionúin, Louise agus Aedín.
Le himeacht Fheargail, tá athair, mac, deartháir, ball clainne, cara, comhghleacaí agus tírghráthóir caillte againn ar fad agus is boichte de sinn a bheith dhá uireasa.
Braithfidh muid ar fad uainn é san Fhoras Pátrúnachta agus inár scoileanna, a mheangadh gáire, a dhea-chaidreamh agus a chomhluadar cneasta.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
[:]