[:en]
ALL-IRELAND RESEARCH CONFERENCE ON IMMERSION EDUCATION
IMMERSION EDUCATION: OPPORTUNITIES AND BEST PRACTICES
Mary Immaculate College, Limerick
May 18-19 2018
REGISTRATION NOW OPEN AT www.tumoideachas.ie
Following the success of the inaugural conference, which took place in 2015, this May will see the Second All-Ireland Research Conference on Immersion Education, taking place again at Mary Immaculate College (MIC) on Fri 18 & Saturday 19 May.
The two-day event will provide opportunities for linguists, researchers and Irish-medium immersion and immersion educators internationally, to critically reflect on and share research in the context of immersion education, providing the space to exchange and discuss new directions in the ever-evolving field of immersion education.
During the two day event, 3 keynote addresses, 4 symposia, 25 posters and 60 research papers will be presented on relevant topics such as Linking Teaching, Learning and Assessment in Immersion; School Self-Evaluation, Leadership and Educator Development and Navigating Policy and Innovation in Multi/Bilingual Communities.
Key note speakers include Professor Laurent Cammarata, Associate Professor in Education, University of Alberta, Canada. Formerly a language teacher, Dr Cammarata has been a teacher educator for more than fifteen years. He currently works in the preparation and ongoing professional development of K-12 teachers in French immersion and francophone minority settings in Canada. His research focuses on teachers’ experience of implementing content-based instruction (CBI) in varied educational contexts and on implications for teacher education and professional development. Professor Cammarata’s keynote address ‘The missing link in immersion education research: What is it and why should we care?’, will pay particular attention to this topic.
Also speaking will be Dr Karen Ní Chlochasaigh, post-doctoral researcher at DCU Institute of Education and The Educational Research Centre. In her keynote, Dr Ní Chlochasaigh will share findings from a post-doctoral study which investigates the effect of immersive education on achievement, progress and attitudes in all-Irish schools in disadvantaged areas in the Republic of Ireland (DEIS schools). Major questions relating to the achievements of pupils from disadvantaged backgrounds in Irish-medium schools, the biggest problems they face, and the supports which they urgently require will be considered.
Professor David Lasagabaster, University of the Basque Country, will also be presenting. Prof. Lasagabaster is Professor of Applied Linguistics and has been involved in teacher education in Spain for several years where he has published on second/third language acquisition, CLIL (Content and Language Integrated Learning), attitudes and motivation, and multilingualism. His keynote address ‘Immersion programmes as a springboard to multilingualism: The Basque experience’ will focus on the transition from a monolingual curriculum (Spanish) to a multilingual one (Basque, Spanish and English) and the challenges entailed in such a process.
All-Ireland Research Conference on Immersion Education – Opportunities and Best Practices takes place on Friday 18 and Saturday 19 May at MIC. The international conference brings together various organisations and institutions as conference partners, including: Mary Immaculate College, Limerick; An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Institute of Technology Tralee; Gaeloideachas; Foras na Gaeilge and Comhairle na Gaelscolaíochta.
Registration now open www.tumoideachas.ie
[:GA]
COMHDHÁIL TAIGHDE UILE-OILEÁNDA AR AN TUMOIDEACHAS
AN TUMOIDEACHAS: DEISEANNA AGUS DEA-CHLEACHTAIS
Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
18 – 19 Bealtaine 2018
CLÁRÚCHÁN AR SIÚL ANOIS AG www.tumoideachas.ie
Bhí an-rath ar an gcéad chomhdháil a reáchtáladh in 2015, agus beidh an Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) Dé hAoine an 18 Bealtaine agus Dé Sathairn an 19 Bealtaine.
Ag an ócáid dhá lá seo, cuirfear deiseanna ar fáil do thaighdeoirí agus d’oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus sa tumoideachas idirnáisiúnta araon machnamh criticiúil a dhéanamh ar thaighde agus ar chleachtas i gcomhthéacs an tumoideachais agus an taighde sin a chomhroinnt. Soláthrófar deiseanna freisin leis na treochtaí nua i réimse síorathraitheach an tumoideachais a mhalartú agus a phlé.
Cuirfear 3 eochairaitheasc, 4 shiompóisiam, 25 phóstaer, agus 60 páipéar taighde i láthair san ócáid dhá lá seo ar thopaicí ábhartha amhail an Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh le chéile; Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoirí agus an Bealach a dhéanamh tríd an mBeartas agus an Nuálaíocht i bPobail Ilteangacha/Dhátheangacha.
Áirítear an tOllamh Laurent Cammarata, Ollamh Comhlach le hOideachas in Ollscoil Alberta, Ceanada, i measc na n‑eochairchainteoirí. Bhíodh an Dr Cammarata ina mhúinteoir teanga roimhe sin, agus tá sé ina oide múinteoirí anois le breis is cúig bliana déag. Tá sé ag obair faoi láthair i réimse an ullmhúcháin agus na forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí K-12 i suíomhanna tumoideachais Fraincise agus suíomhanna mionteanga francophone i gCeanada. Bíonn a chuid taighde dírithe ar an taithí a bhíonn ag múinteoirí ar theagasc ábharbhunaithe a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna oideachais éagsúla agus ar na himpleachtaí d’oideachas múinteoirí agus don fhorbairt ghairmiúil. Pléifear an topaic sin go mion in eochairaitheasc an Ollaimh Cammarata ‘An lúb ar lár sa taighde ar an tumoideachas: Céard é féin agus cén fáth a bhfuil tábhacht leis?’
Beidh an Dr Karen Ní Chlochasaigh, taighdeoir iardhochtúireachta ag Institiúid Oideachais OCBÁC agus ag an bhForas Taighde ar Oideachas, ag caint ag an gcomhdháil freisin. San eochairaitheasc a thabharfaidh sí uaithi, comhroinnfidh an Dr Ní Chlochasaigh torthaí ó staidéar iardhochtúireachta inar féachadh ar thionchar an tumoideachais ar ghnóthachtáil, dul chun cinn agus dearcthaí i scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair faoi mhíbhuntáiste i bPoblacht na hÉireann (scoileanna DEIS). Féachfar ar cheisteanna móra a bhaineann le gnóthachtáil daltaí atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh cúlra de i scoileanna lán-Ghaeilge, na fadhbanna is mó a bhíonn le sárú acu, agus na tacaíochtaí atá ag teastáil uathu go géar.
Beidh páipéar á chur i láthair freisin ag an Ollamh David Lasagabaster, Ollscoil Thír na mBascach. Tá David Lasagabaster ina Ollamh le Teangeolaíocht Fheidhmeach agus tá baint aige le hoideachas múinteoirí sa Spáinn le roinnt blianta anois. Tá ailt foilsithe aige ar shealbhú an dara/tríú teanga, ar FCÁT (an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha), ar dhearcthaí agus inspreagadh, agus ar an ilteangachas. San eochairaitheasc a thabharfaidh sé uaidh, ‘Cláir thumoideachais mar thúsphointe le haghaidh an ilteangachais: taithí Thír na mBascach’, díreofar ar an aistriú ó churaclam aonteangach (Spáinnis) go curaclam ilteangach (Bascais, Spáinnis agus Béarla) agus ar na dúshláin a bhíonn i gceist leis an bpróiseas sin.
Beidh an Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – Deiseanna agus Dea-chleachtais ar siúl Dé hAoine an 18 Bealtaine agus Dé Sathairn an 19 Bealtaine i gColáiste Mhuire gan Smál. Sa chomhdháil idirnáisiúnta seo, tugtar le chéile eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla mar chomhpháirtithe comhdhála, iad seo a leanas ina measc: Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach; An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; Gaeloideachas; Foras na Gaeilge; agus Comhairle na Gaelscolaíochta.
Is féidir clárú anois ag www.tumoideachas.ie
[:]
