[:en]Immersion education conference[:GA]An Dara Comhdháil ar an Tumoideachas[:]

Jill Mc Mahon

08/12/2017

Uncategorized

[:en]

Immersion education conference

This particular conference and it’s materials will be in Irish. Please change your language selection to Irish at the top of the page.

[:GA]

An Dara Comhdháil ar an Tumoideachas

Bhí an Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, ar an 15/16 Bealtaine 2015 agus cuireadh páipéir roghnaithe na comhdhála ar fáil ó shin. Bhí an-rath ar an gcomhdháil agus cuireann na páipéir (19 n-alt phiarmheasúnaithe) go mór le taighde an tumoideachais sa tír seo.

I gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus eile, tá sé thar a bheith tráthúil anois, comhdháil taighde eile a reachtáil ar an ábhar. Mar sin, tá beartaithe An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais, a chur ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál ar an 18-19 Bealtaine 2018. Tabharfaidh an chomhdháil seo deis do theangeolaithe, do thaighdeoirí agus do mhúinteoirí an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus do phobal an tumoideachais go hidirnáisiúnta, iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra. Beidh páipéir agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanas curtha ar fáil:

An Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh sa Tumoideachas, Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoirí Beartas agus an Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha.

Tá an ghairm ar pháipéir ar siúl faoi láthair. Cuirfear fáilte roimh pháipéir i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá físeán maidir leis an rud ar fáil anseo.[:]