28.04.14 Gaelscoil na Mí winners of Gradam na Scoileanna 201428.04.14 Gaelscoil na Mí, buaiteoirí Ghradam na Scoileanna 2014

Jill Mc Mahon

12/05/2014

Uncategorized

Seachtain na Gaeilge logo cropped

Gaelscoil na Mí in Ashbourne, Co. Meath ar the proud winners of Gradam na Scoileanna 2014 for the best and most active celebration of Seachtain na Gaeilge 2014.

As first place winners, the school received a €300 voucher for the Irish bookshop, An Siopa Leabhair, 6 Harcourt Street, Dublin 2.

Gaelscoil Riabhach won first place for their radio programme entry. Malik Alimi from Gaelscoil Bhaile Brigín won 4th prize in the blogging competition, 5-6th class and Sháhín Houshidari from Gaelscoil Bhrian Bóroimhe won 4th prize in the the poetry competition, 5-6th class.

60 individual prizes have been won by young people from every corner of Ireland and Europe.

Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge said: “We congratulate Gaelscoil na Mí, all the winners and everyone who took part in the competitions. It was obvious from the amount and high standard of the entries that Seachtain na Gaeilge is encouraging young people all over the country to use the Irish language in new and creative ways.

“We owe a big thanks to teachers and schools all over the country for the work that they put in to celebrating the festival and for the encouragement they give their students.”

Seachtain na Gaeilge logo cropped

Is iad Gaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, Co. na Mí buaiteoirí Ghradam na Scoileanna 2014. Is é Gradam na Scoileanna an duais a bhronntar ar an scoil a dhéanann an ceiliúradh is fearr agus is gníomhaí ar Sheachtain na Gaeilge.

Tá dearbhán €300 don siopa leabhar Gaeilge, An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath buaite ag an scoil.

Tháinig Gaelscoil Riabhach sa chéad áit don chlár raidió Gaeilge a bhí déanta acu. Bhain Malik Alimi óGhaelscoil Bhaile Brigín an cheathrú áit sa chomórtas blagála, Rang 5-6 agus bhain Sháhín Houshidari ó Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe an cheathrú áit amach sa chatagóir filíochta, Rang 5-6.

Tá níos mó ná 60 duais aonair bainte amach ag daoine óga ar fud na tíre agus ar fud na hEorpa.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Déanaim comhghairdeas leis na grúpaí buacacha agus le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas. Is léir ó chaighdeán agus ó líon na n-iontrálacha go bhfuil ag éirí leis an bhféile daoine óga ó cheann ceann na tíre a spreagadh chun leas a bhaint as an teanga ar bhealaí úra, iontacha. Tá buíochas mór le dul go múinteoirí agus scoileanna as an obair a chuireann siad isteach san fhéile agus as an spreagadh a thugann siad dá gcuid daltaí.

“Tá buíochas mór le dul go múinteoirí agus scoileanna ar fud na tíre as an obair a chuireann siad isteach san fhéile agus as an spreagadh a thugann siad dá gcuid daltaí.”