Gaelscoil Riada in Galway has been awarded the Active School Flag.
The flag recognises Gaelscoil Riada as a physically active and physically educated school community and has been obtained after two years of hard work in implementing the PE curriculum.
All members of the school community were encouraged to ‘GET ACTIVE’ as part of the scheme. All sorts of physical activities took place which incorporated games, dance, swimming, cycling, athletics, gardening, educational walks and spring cleaning of the school grounds.
The two year process culminated in an Active School Week where the flag was proudly raised and flown in the school yard. Local Fine Gael councillor Peter Feeney was in attendance on the day, as was former All-Star hurler Eugene Cloonan, along with Niamh Kilkenny and Noreen Coen who are members of the senior Galway Camogie team.
Gaelscoil Riada will continue to promote and encourage the children to be as active as possible during their day both at school and at home. Congratulations to all involved!
More information: http://www.activeschoolflag.ie/
Bronnadh an Bhratach Scoile Gníomhaí ar Ghaelscoil Riada, Gaillimh le déanaí.
Tugann an bhratach seo aitheantas do phobal na scoile atá gníomhach go fisiciúil agus a thuigeann an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht choirp.
Tá pobal na scoile ag obair go dian le dhá bhliain anuas chun an curaclam corpoideachais a chur i bhfeidhm.
Tugadh spreagadh do phobal na scoile ina iomlán a bheith gníomhach. Cuireadh go leor gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl mar chuid den scéim; cluichí, damhsa, snámh, rothaíocht, lúthchleasaíocht, garraíodóireacht, siúlóidí oideachais agus glanadh ar láthair na scoile san áireamh.
Bhí bród an domhain ar phobal na scoile nuair a bronnadh an bhratach seo orthu. D’fhreastail Comhairleoir Fhine Gael, Peter Feeney, ar an ócáid chomh maith leis na laochra spóirt Eugene Cloonan (iománaí na Gaillimhe a bhfuil gradam All-Star bainte amach aige), Niamh Kilkenny agus Noreen Coen (baill d’fhoireann chamógaíochta na Gaillimhe).
Leanfaidh Gaelscoil Riada uirthi chun spreagadh a thabhairt do na páistí a bheith chomh gníomhach agus gur féidir leo ar scoil agus sa bhaile. Comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach!
Tuilleadh eolais: http://www.activeschoolflag.ie/
