19/9/14 ‘Scléip 2015’ under Gael Linn 19/9/14 Scléip 2015 faoi chúram Ghael Linn

Jill Mc Mahon

19/09/2014

Uncategorized

Scléip is the national talent competition specifically aimed at Irish medium post-primary schools and Gaeltacht regions. It is fun, exciting and enjoyable for students and their teachers alike.

Gael Linn will be organising Scléip from this year onwards. Gaelscoileanna Teo thank all of the schools who gave their support to Scléip since it was established by Gaelscoileanna Teo. in 2005.

This year Gael Linn will focus on the contemporary arts, teachers previously involved in Scléip will notice a few small changes in one or two of the competitions. The Scléip brochure, rules and entry forms are available on the Gael Linn website at www.gael-linn.ie.

Entrants from every school will have the opportunity to compete in the preliminary rounds and the winners will automatically be put through to the Scléip Finals. The finals will take place on Saturday, January 24th, 2015 in Dublin.

Entry fees have been reduced this year, schools will pay no more than €50 in fees. The closing date for entries is October 24th 2014.

Any queries regarding Scléip may be forwarded by email to seanc@gael-linn.ie.

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn sé spreagúil, spraíúil agus sultmhar do na daltaí agus dá gcuid múinteoirí.

Ón mbliain seo ar aghaidh is iad Gael Linn a bheidh i mbun Scléip. Gabhann Gaelscoileanna Teo. buíochas leis na scoileanna ar fad a thacaigh le Scléip ónar chuir siad tús leis i 2005.

Beidh Gael Linn ag leagan an-chuid béime ar na healaíona comhaimseartha i mbliana agus tabharfaidh múinteoirí a bhí páirteach i Scléip cheana faoi deara go bhfuil athruithe beaga ar cheann nó dhó de na comórtais. Tá bróisiúr Scléip, an fhoirm iontrála agus na rialacha le fáil ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie.

Beidh deis ag iomaitheoirí ó gach scoil páirt a ghlacadh sna réamhbhabhtaí agus gheobhaidh buaiteoirí na mbabhtaí sin cuireadh chuig Craobh Scléip. Beidh an Chraobh ar siúl ar an Satharn, 24 Eanáir, 2015 i mBaile Átha Cliath.

Tá na táillí iontrála laghdaithe i mbliana agus ní bheidh ar aon scoil níos mó na €50 i dtáillí a íoc. An spriocdháta d’iontrálacha ná 24 Deireadh Fómhair, 2014.

Is féidir aon fhiosrúchán maidir le Scléip a sheoladh ar ríomhphost chuig seanc@gael-linn.ie