16/11/15 New School Curriculum16/11/15 Curaclam Nua Scoile

Jill Mc Mahon

November 16, 2015

Uncategorized

The circular on the implementation of the new curriculum, circular 61/2015 is now available on the Department’s website at:

http://www.education.ie/en/Circulars-and-Forms/Active-Circulars/cl0061_2015.pdf 

The press release from the Department is now available at http://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2015-Press-Releases/13-November-2015-New-Language-Curriculum-for-Youngest-Primary-School-Children-Announced.html

For more information, view the Irish language version of this page. 

Tá ciorclán 61/2015 anois ar fáil ón Roinn http://www.education.ie/ga/Ciorcl%C3%A1in-agus-Foirmeacha/Ciorcl%C3%A1in-Gn%C3%ADomhacha/cl0061_2015_ir.pdf

Tá preas-ráiteas na Roinne anois ar fáil chomh maith http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2015/13-Samhna-2015-Curaclam-Nua-Teanga-Do-Bhunranganna-Sna-Bunscoileanna.html

Fógraíodh Dé hAoine dhá leagan de Churaclam Teanga na Bunscoile, leagan amháin do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus leagan eile do scoileanna a bhfuil an Béarla mar theanga theagaisc iontu. Den chéad uair, cuirfidh an curaclam nua an struchtúr céanna i bhfeidhm ar an nGaeilge agus ar an mBéarla. Díreoidh sé ar scileanna i bhforbairt na teanga labhartha, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Dearadh an curaclam nua le haghaidh na bpáistí óga ó na naíonáin shóisearacha go Rang a Dó.
De réir an Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, ‘’Leasú suntasach a mbeidh fáilte roimhe é seo ar conas a fhoghlaimíonn na daltaí is óige a gcuid scileanna teanga. Den chéad uair, ní bheidh idirdhealú ann sa chur chuige idir Teagaisc na Gaeilge agus an Bhéarla. Tá torthaí foghlama soiléire agus clocha míle forbartha leagtha síos sa dá theanga dár bpáistí óga.’’

Ní dhéanfar aon idirdhealú idir an chaoi a múintear an Béarla agus an chaoi a múintear an Ghaeilge i mbunscoileanna an stáit feasta. Leagtar síos i gciorclán nua atá eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna inniu go cuirfidh an curaclam nua an struchtúr céanna i bhfeidhm ar an nGaeilge agus ar an mBéarla i mbunscoileanna. Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh cead anois ag scoileanna lánGhaeilge agus scoileanna Gaeltachta an luaththumoideachas a chur i bhfeidhm go deireadh rang na naíonán sinsearach. Is do pháistí óga óna naíonáin bheaga go rang a dó atá an curaclam nua deartha agus díreofar ar scileanna i bhforbairt na teanga labhartha, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. ‘’Leasú suntasach a mbeidh fáilte roimhe é seo ar conas a fhoghlaimíonn na daltaí is óige a gcuid scileanna teanga. Den chéad uair, ní bheidh idirdhealú ann sa chur chuige idir teagaisc na Gaeilge agus an Bhéarla. Tá torthaí foghlama soiléire agus clocha míle forbartha leagtha síos sa dá theanga dár bpáistí óga,” a dúirt an tAire Oideachais Jan O’ Sullivan.

Cuirfear an curaclam nua i bhfeidhm de réir a chéile ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn agus beidh gach snáithe den churaclam nua á múineadh do pháistí faoin mbliain 2018. Le linn na scoilbhliana 2016/17 cuirfear béim ar an teanga labhartha, tosófar ar an léitheoireacht agus scríbhneoireacht sa scoilbhliain 2017/2018 agus ó mhí Mheán Fómhair na bliana 2018 ar aghaidh cuirfear na snáitheanna go léir den churaclam nua i bhfeidhm do ranganna na naíonán go rang a dó.

Táthar ag súil le tús a chur le curaclam nua do ranganna ó rang a trí go rang a sé sa bhliain 2019. 

http://tuairisc.ie/cead-tugtha-ag-an-roinn-oideachais-an-luaththumoideachas-gaeilge-a-chur-i-bhfeidhm/