16/09/15 Cúrsa nua Gaeilge le TEG16/09/15 Cúrsa nua Gaeilge le TEG

Jill Mc Mahon

September 16, 2015

Uncategorized

Foirm Iarr.

This story is available in Irish only. Please change your language selection to Irish. 

Tá ríméad ar an bhForas Pátrúnachta cúrsa Gaeilge nua a fhógairt. Réiteoidh an cúrsa seo rannpháirtithe do Scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) agus tá sé dírithe go príomha ar mhúinteoirí atá ag obair i meánscoileanna lán-Ghaeilge ach bheadh sé oiriúnach do rúnaithe scoile agus do bhaill na mbord bainistíochta freisin.

 

Cén fáth a dtabharfainn faoin gcúrsa seo?

  • Is cáilíocht iontaofa neamhspleách é TEG atá aitheanta go hidirnáisiúnta
  • Is é TEG an cháilíocht inmhianaithe ag an bhForas Pátrúnachta dóibh siúd a chuireann isteach ar phost nó ar ardú céime ina scoileanna
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach
  • Is cáilíocht é a chuirfidh le do dheiseanna fostaíochta agus a chabhróidh leat ardú céime a bhaint amach

 

Bhronn ALTE (Association of Language Testers in Europe) an Q-mark ar Scrúduithe TEG i 2015 le hardchaighdeán na scrúduithe a dhearbhú. Tá na scrúduithe déanta ag thart ar 4,000 duine.

Mar chroílár an chúrsa beidh ranganna idirghníomhacha ar-líne ar siúl ar bhonn coicíse ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta.

Beidh na ranganna dírithe ar mhuinín an mhúinteora a fheabhsú céim ar chéim agus ar bhonn tacúil.

Mar aon leis na ranganna coicísiúla seo, reáchtálfar trí sheimineár lae le linn an chúrsa ina mbeidh deis ag rannpháirtithe dianobair ghrúpa a dhéanamh chun díriú isteach ar mhionphointí gramadaí chomh maith le ceardlanna ar scileanna aistriúcháin a thabharfaidh tuiscint ar conas Gaeilge nádúrtha a labhairt agus a scríobh.

Tosóidh an cúrsa leis an gcéad seimineár ar an 10 Deireadh Fómhair. Foirm iarratais ar fáil anseo:

Foirm Word anseo – https://www.foras.ie//wp-content/uploads/2015/09/Foirm-Iarr..docx

Foirm Pdf anseo – https://www.foras.ie//wp-content/uploads/2015/09/Foirm-Iarr.-pdf.pdf

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir dul i dteagmháil le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag tomas@foras.ie nó ag 087-2642446.