16/05/16 BOM Training16/05/16 Oiliúint do Bhoird Bhainistíochta

Jill Mc Mahon

30/05/2016

Boards of Management | Boards of Management

As this training was run through Irish, this article is only available in Irish. Please see following post for resources, presentations etc. available in both languages

Tá sé i gceist oiliúint a chur ar fáil do bhaill de na boird bhainistíochta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go léir. Is é an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil ná 'An Bord mar aonán corparáideach'. 

Tá an módúil seo mar mhódúil ginearálta a bheadh oiriúnach do gach ball den bhord bainistíochta agus tá sé curtha le chéile ag na pátrúin agus eagraíochtaí bainistíochta oideachais go léir mar aon leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Léiríonn an módúil na freagrachtaí éagsúla atá ar bhoird bainistíochta bunscoile agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh baill ar an eolas faoi na freagrachtaí seo. Seo an céad mhódúil de 7 gcinn a bheidh á chur ar fáil againn thar an gcéad bliain nó mar sin atá amach romhainn.

 

Beidh sé á chur ar fáil i 10 n-ionad má bhíonn dóthain éileamh air de réir na dátaí/ am atá luaite sa tábla thíos:

 

Ionad

Dáta

Am

Ionad Oideachais, Corcaigh

16.05

19.30-21.30

Ionad Oideachais Thrá Lí

17.05

19.00-21.00

Ionad Oideachais An Uaimh

18.05

19.00-21.00

Ionad Oideachais BÁC Thiar

19.05

19.00-21.00

Ionad Oideachais Chill Dara

23.05

19.00-21.00

Ionad Oideachais Átha Luain

24.05

19.00-21.00

Ionad Oideachais Caisleán an Bharraigh

25.05

19.00-21.00

Óstán Gallaghers, Leitir Ceanainn

26.05

19.00-21.00

Óstán Peacock’s, An Teach Dóite

26.05

19.00-21.00

Ionad Oideachais Phort Láirge

30.05

19.00-21.00

 

Más mian le baill do bhord bainistíochta freastal air ní gá ach an fhoirm clárúcháin atá ceangailte le seo a chomhlíonadh agus a chur ar ais go Jill agoifig@gaelscoileanna.ie. Níl aon chostas ar an scoil don oiliúint seo mar tá na costais clúdaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.