13/01/15 Google Winners visit Gaelscoil Dhroichead na Banndan13/01/15 Buaiteoirí Google i nGaelscoil Dhroichead na Banndan

Jill Mc Mahon

13/01/2015

Uncategorized

lego 1 cropped

Gaelscoil Dhroichead na Banndan had three special visitors in December. Emer Hickey, Ciara Judge and Sophie Healy Thaw of Kinsale Community School came to visit. These girls have found fame since becoming the winners of the Google Science Fair in California. The Google Science Fair is a huge competition in which thousands of contestants from all around the world take part. They won a €30,000 scholarship from Google and a tour around the island of Galapagos.

The girls entered the competition with their own work, a study on using natural bacteria to grow more crops. They also won the BT Young Scientist & Technology Exhibition in 2013, and the European competition for young scientists.

The girls answered lots of questions and got in plenty of photographs with the pupils in Gaelscoil Dhroichead na Banndan. It looks like they had a great day!

lego 1 cropped

Bhí triúr cuairteoirí ag Gaelscoil Dhroichead na Banndan i rith mhí na Nollag. Tháinig Emer Hickey, Ciara Judge agus Sophie Healy Thaw ar cuairt chucu ó Phobalscoil Chionn tSáile. Tá an-cháil bainte amach ag na cailíní seo mar bhuadar an comórtas Google Science Fair i gCalifornia. Is comórtas ollmhór é seo ina bhfuil na mílte iomaitheoirí ó mhórthimpeall na cruinne ag glacadh páirte ann. Bhuadar scoláireacht €30,000 ó Google agus turas timpeall oileáin Galapagos.

Chuir na cailíní isteach ar an gcomórtas lena gcuid oibre, ag déanamh fiosrúchán ar bhaictéir nádúrtha a úsáid chun cabhrú le níos mó barraí a fhás. Bhuaigh na cailíní an BT young Scientist & Technology Exhibition i 2013 agus an comórtas Eorpach do na heolaithe óga chomh maith.

D’fhreagair na cailíní an-chuid ceisteanna agus ghlac siad an-chuid griangrafanna le páistí na scoile. Tá an cuma ann go raibh an-lá acu!