04/12/15 School Stationery Deal through SPU04/12/15 Margadh ar Stáiseanóireacht Scoile ón SPU

Jill Mc Mahon

December 4, 2015

Uncategorized

As this is an article written for our schools, it is only available in Irish. Please change your language option to Gaeilge. 

 

SPU_2

Tá buntáistí móra ann do scoileanna tairbhe a bhaint as conradh nua atá sínithe ag an Aonad um Sholáthar do Scoileanna le Office Depot. Ní amháin go mbeidh scoileanna in ann tairbhe a bhaint as praghasanna atá an-íseal ar fad ach tá réimse ollmhór táirgí ar fáil ó Office Depot. 

Ní mór do scoileanna ar mian leo tairbhe a bhaint as an margadh seo iad féin a chlárú le Office Depot – https://ebusiness.officedepot.co.uk/SelfReg/eps%20ireland/SelfReg/Index agus tiocfaidh duine ón gcomhlacht ar ais chugat le sonraí do chuntais. Chomh luath is a bheidh na sonraí sin agat, is féidir leat do chéad ordú a chur isteach. Is córas iomlán slán le húsáid atá i gceist. Is féidir tuilleadh eolais faoi Office Depot Online a fháil ar www.officedepot.ie 

Tá An Foras Pátrúnachta ag moladh do gach scoil faoina phátrúnacht an deis seo a thapú. 

Tá tuilleadh eolais faoin Aonad um Sholáthar do Scoileanna agus margaí eile a bheadh chun do leas le fáil An tAonad um Sholáthar do Scoileanna Teach Emmet, Bóthar Dhún Droma, Baile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath 14 T 01 203 5899 F 01 269 5461 nó ar www.jmb.ie

 

 

SPU_2