An Suirbhé Bunscoile: Deis iontach chun freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge nach bhfuil á shásamh i gceantair ar fud na tíre
Preasráiteas le foilsiú láithreach
Réamhthorthaí an tSuirbhé Bunscoile
Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta (AFP) roimh na figiúirí tosaigh ón Suirbhé Bunscoile a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais & Óige (ROO) inniu, a léiríonn go roghnódh 13% de thuismitheoirí le páistí i scoileanna lán-Bhéarla oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí.
Is féidir tuiscint ón bhfigiúr sin nach bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do 13% de na tuismitheoirí a d’fhreagair an suirbhé agus gur mian leo go n-iompódh a scoil reatha ina gaelscoil.
Imní á léiriú faoin gceist fós
Cé go léiríonn sé seo éileamh suntasach, athdhearbhaíonn AFP a n-imní faoi fhoclaíocht na ceiste sa suirbhé maidir le hoideachas lán-Ghaeilge. Creideann siad gur chuir an cheist srian ar thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú mar go raibh níos mó le tabhairt san áireamh acu ar nós meon na scoile i dtreo na Gaeilge, caighdeán Gaeilge na múinteoirí reatha srl.
In ainneoin na foclaíochta seo, léiríonn an figiúr de 13% go soiléir go bhfuil éileamh nach bhfuil á shásamh i gceantair áitiúla ar fud na tíre. Is fiú a chur san áireamh nach gcuimsionn an figiúr de 13%, an 7% de pháistí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge faoi láthair. Fágann sé sin go mba chóir go mbeadh bunscoil amháin ar a laghad as gach cúig bhunscoil ina scoil lan-Ghaeilge.
Bearna sna figiúirí reatha ná nach bhfuil freagraí tuismitheoirí le páistí idir 0–5 bliana d’aois nach bhfuil sa chóras bunscoile go fóill san áireamh.
Léirítear tuilleadh fianaise ar an éileamh seo sa taighde a tháinig ó Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta le gairid a thaispeánann go roghnódh 49% de dhaoine fásta oideachas lán-Ghaeilge dá bpáiste dá mbeadh sé ar fáil go háitiúil.
Dócasach don todhchaí
Dúirt Ard-Rúnaí AFP, Caoimhín Ó hEaghra: “Is cruthúnas é go bhfuil athrú ag teastáil san oideachas bunscoile go roghnódh 13% de thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge agus 41% oideachas ilchreidmheach. Tá AFP ag súil oibriú leis an Roinn chun an t-athrú seo a chur i bhfeidhm, go háirithe trí níos mó scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a bhunú.”
Creideann An Foras Pátrúnachta go gcuireann na torthaí seo ón suirbhé bunscoile, in éineacht le taighde níos leithne ar cheist na Gaeilge inár scoileanna, deis ar fáil chun soláthar lán-Ghaeilge a leathnú agus freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais teaghlaigh ar fud na hÉireann.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.
Tuilleadh eolais
- Ard-Rúnaí | General Secretary: Caoimhín Ó hEaghra 086-1738044
- Bainisteoir Cumarsáide | Communications Manager: Jill McMahon jill@foras.ie, 083-093 2977
Agallaithe áitiúla ar fáil ach iad a iarraidh

