Éileamh ar Oideachas Lán-Ghaeilge ag Fás go Mór de réir Taighde Nua

Jill Mc Mahon

20/05/2026

Nuacht ar Fad | Preasráitis

Éileamh ar Oideachas Lán-Ghaeilge ag Fás go Mór de réir Taighde Nua

Glaoch ó AFP ar an Roinn Oideachais & Óige Gníomhú 

Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta (AFP) roimh fhigiúirí a foilsíodh ó thaighde neamhspleách de chuid Foras na Gaeilge inniu, ina bhfuil sé léirithe go roghnódh 45% de thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile dá bpáistí agus go roghnódh 40% é ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Thug Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide faoin taighde seo ina bhfuil ardú suntasach 22% ar na dearcthaí céanna léirithe ó foilsíodh taighde an ESRI, “Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge” in 2015. 

Is comhlacht tras-teorann stáit é Foras na Gaeilge atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge. Tá sé léirithe sa taighde is déanaí atá foilsithe acu go bhfuil éileamh láidir agus méadaitheach ann don oideachas trí mheán na Gaeilge.

Tá na torthaí seo ag teacht go láidir le taighde eile a d’fhoilsigh Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta: “Public Attitudes towards the Irish Language and the Gaeltacht”, inár dúradh go roghnódh 49% de thuismitheoirí scoil lán-Ghaeilge dá bpáiste dá mbeadh ceann ar fáil go háitiúil.

Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra:

“Tá sé soiléir anois go bhfuil an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i bhfad níos airde ná mar atá aitheanta ag an Roinn Oideachais & Óige go dtí seo. Ní féidir neamhaird a dhéanamh a thuilleadh ar an bhfianaise neamhspleách atá ag teacht chun cinn ó iliomad taighde éagsúil.”

Léirigh An Foras Pátrúnachta imní i leith fhrásaíocht chonspóideach agus srianta na cheiste ar Shuirbhé Bunscoile na Roinne Oideachais ón tús:

“Tá sé suntasach go léirigh An Suirbhé Bunscoile nach roghnódh ach 13% de thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, figiúr atá curtha ó bhonn ag an taighde neamhspleách is déanaí. Cad atá An Roinn chun déanamh le freastal ar na páistí nach bhfuil a gcuid oideachais á fháil trí mheán na Gaeilge acu faoi láthair cé gur mian lena dtuismitheoirí go mbeadh?”

Go dáta tá imní mhór curtha in iúl ag An Foras Pátrúnachta faoin tascfhórsa a bunaíodh faoi Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge. Creideann AFP fós go bhfuil obair an tascfhórsa srianta agus teoranta ag cur chuige na Roinne, go háirithe an diúltú d’infheistíocht chaipitil atá ag teastáil do bhunú scoileanna nua lán-Ghaeilge.

Dúirt Ó hEaghra freisin:

“Má tá an Rialtas dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus faoi rogha oideachais a chur ar fáil do theaghlaigh, caithfear bogadh anois ó thaighde agus ó phleanáil go dtí gníomhartha nithiúla. Tá géarghá le hinfheistíocht i scoileanna nua lán-Ghaeilge agus le straitéis shoiléir chun freastal ar an éileamh atá ag fás.”

“Beimid ag lorg go gcuirfidh an Tascfhórsa moladh ar aghaidh ag an Aire plean cinnte a chur i bhfeidhm chun freagairt don éilimh den 45% a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus 40% ag an dara leibhéal mar atá léirithe sa suirbhé seo.”

NÓTAÍ DON EAGRATHÓIR

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 80 scoil faoinár bpátrúnacht. Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, Ionchreidmheach agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. Is eagraíocht bhainistíochta aitheanta é An Foras Pátrúnachta freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge in ann teacht ar an rogha sin dá bpáistí.

Tuilleadh Eolais

    • Ard-Rúnaí: Caoimhín Ó hEaghra, 086-1738044 
    • Bainisteoir Cumarsáide: Jill Mc Mahon, jill@foras.ie, 083-0932977
  • Agallamh ar fáil ach iad a iarraidh