Seolann an tAire Foley Seachtain Tionscnaimh na Ríomheolaíochta 8-15 Deireadh Fómhair 2022
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu an chéad Seachtain Ríomheolaíochta in Éirinn a bheidh ar siúl ón 8-15 Deireadh Fómhair. Taispeánfaidh imeachtaí na seachtaine tairbhí spreagúla agus deiseanna ceannródaíochaa na hEolaíochta Ríomhaireachta do mhic léinn agus iad ag léiriú forbairtí suntasacha sna seomraí ranga timpeall na hÉireann.
Arna eagrú ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) le tacaíocht ón Roinn Oideachais, cuirfidh an t-imeacht deiseanna spreagúla, idirghníomhacha ar fáil do mhic léinn chun an t-ábhar a ‘bhlaiseadh’, agus cuirfidh sé eolas ar fáil do dhaltaí, do mhúinteoirí, do threoirchomhairleoirí agus do thuismitheoirí….