Deontas TFC na Roinne Oideachais 2023/2024
1. Réamhrá
P15 Tá an chéad tráinse eile den deontas TFC don scoilbhliain 2023/2024 fógartha ag an Roinn Oideachais. Féach Ciorclán 0039/2024 le haghaidh na sonraí iomlána.
2. Leithdháileadh cistithe don scoilbhliain 2023/2024
- Faigheann gach scoil cnapshuim €2,000
- €39.73 in aghaidh gach dalta a bhí ar na rollaí i mbunscoileanna príomhshrutha ar an 30 Meán Fómhair 2022
- €47.67 in aghaidh gach dalta faoi riachtanais speisialta a bhí ar na rollaí ar an 30 Meán Fómhair 2022 i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta atá ceangailte le scoileanna príomhshrutha.
- €43.70 in aghaidh gach dalta a bhí ar na rollaí ar an 30 Meán Fómhair 2022 i mbunscoileanna sa chatagóir DEIS.
3. Úsáid an chistithe
Caithfidh Plean Foghlama Digiteach a bheith ag gach scoil, bunaithe ar chur chuige scoile uile agus a chomhthéacs agus a chúinsí á gcur san áireamh. Ba cheart an plean seo a athbhreithniú agus a thabhairt suas chun dáta uair sa bhliain ar a laghad. Is féidir le scoileanna tosaíocht a thabhairt do phleananna caiteachais ar leith i dtaca leis an deontas seo, de réir mar is gá.
Tá treoir maidir leis an Trealamh agus an mBonneagar is féidir a cheannach faoin Scéim Deontais TFC le fáil i gCiorclán 0039/2024.

