Deimhníonn an tAire Foley agus an tAire Donnelly socruithe do chóras nua chun tástáil antaiginí a dhéanamh ar dhlúth-theagmhálaithe nach bhfuil aon chomharthaí á léiriú acu i mbunscoileanna

An Foras Pátrúnachta / Ciorcaláin / Deimhníonn an tAire Foley agus an tAire Donnelly socruithe do chóras nua chun tástáil antaiginí a dhéanamh ar dhlúth-theagmhálaithe nach bhfuil aon chomharthaí á léiriú acu i mbunscoileanna

Foilsithe 

Dheimhnigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu na socruithe do chóras nua chun tástáil antaiginí a dhéanamh ar dhlúth-theagmhálaithe nach bhfuil aon chomharthaí á léiriú acu i mbunscoileanna agus na socruithe sin á ndéanamh ag FSS.

Tá an Roinn Oideachais agus FSS, agus iad ag obair i gcomhar leis an Roinn Sláinte, i ndiaidh clár a fhorbairt ina gcuirfear tástálacha antaiginí ar fáil do leanaí i bhfaighneog bhunscoile, i gcás go raibh tástáil PCR ag leanbh san fhaighneog agus gur braitheadh COVID-19.

I gcás go mbeidh dhá chás nó breis agus dhá chás deimhnithe de COVID-10 i rang, taobh istigh de thréimhse seacht lá, taobh amuigh d’fhaighneog aonair, déanfar tástáil antaiginí a thairiscint don rang iomlán.

Cuirfidh FSS na tástálacha chuig tuismitheoirí na leanaí…. Léigh tuilleadh anseo