Cúrsaí Gaeilge 2025

Jill Mc Mahon

13/12/2024

Boird Bhainistíochta | Imeachtaí | Nuacht ar Fad | Oiliúint

Tá clárúchán oscailte do chúrsaí Gaeilge atá ag tosú ar líne ag deireadh mhí Eanáir 2025. Is chomhfhiontar é seo idir AFP agus Gaelchultúr, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge.

Beidh suas le 6 chúrsa ar fáil ó bhonnleibhéal (A1) go hArdchruinneas na Gaeilge (C2). Ullmhófar na mic léinn do scrúduithe TEG má bhíonn fonn orthu tabhairt faoin scrúdú.

Mura bhfuil tú cinnte faoi leibhéal an chúrsa is oiriúnaí duit is féidir do leibhéal ranga a mheas tríd an nasc: Triail Ghaeilge ar líne

Tá na ranganna níos saoire i mbliana ag €220. Tá lascaine €10 ar fáil anuas air sin do mhuintir scoilphobail AFP (Úsáid an cód AFP2025)

Bronnfar teastas tinrimh ar rannpháirtithe a fhreastalaíonn ar 8 rang nó níos mó.

Is féidir clárú do na ranganna seo anois ag an nasc seo: Cláraigh do chúrsa

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig tomas@foras.ie