Tá Forbairt Naíonraí Teoranta i gcomhpháirt le Slán Sábháilte Teo. ag eagrú cúrsa garchabhair iomlán trí Ghaeilge. Is cúrsa trí lá é le páirtchreidiúint (5 phointe) FETAC/CDBO Leibhéal 5 (D20188).
Bheadh an cúrsa seo oiriúnach d’fhostaithe naíonra, d’ábhar oidí/do mhúinteoirí Gaelscoile/scoileanna Gaeltachta, d’oibrithe in eagrais Ghaeilge, d’oibrithe óige/ógeagrais nó do mhic léinn ar mhian leo bheith ag obair le páistí (amach anseo).
Spásanna Teoranta!
Tuilleadh eolais: www.naionrai.ie