Reáchtálfar cruinniú I bPortlaoise an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bheadh ann Gaelcholáiste a bhunú sa cheantar.
Labhróidh Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta, le tuismitheoirí a bheadh spéis acu a bpáiste a chlárú I nGaelcholáiste ag cruinniú poiblí. Beidh an cruinniú seo ar siúl i nGaelscoil Phortlaoise ar an Déardaoin 16 Eanáir ag 7in.
Dar le príomhoide na scoile sin, Dominic Ó Braonáin, bheadh spéis ag cuid de na tuismitheoirí scoil den saghas sin a bhunú. Caithfear an t-éileamh a bheadh ar Ghaelcholáiste a mheas I dtosach.