FOLÚNTAS: CRS, Gaelscoil Lir, BÁC 24

Jill Mc Mahon

30/07/2026

Earcaíocht | Folúntais | Nuacht ar Fad

FOLÚNTAS: CRS, Gaelscoil Lir, BÁC 24

Tá an folúntas seo lonnaithe i dTeach Sagard, Baile Átha Cliath 24

Ról:

  • Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS)

Scoil:

Gaelscoil Lir, Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn, Teach Sagard, Baile Átha Cliath 24, D24PFV5

Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Lir. (Tuilleadh faoin scoil)

Spriocdháta:

Dé Máirt, 4 Lúnasa 2026

Iarratas & Eolas Eile:

Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Eolas Breise:
Is scoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil Lir. Tá sé riachtanach go mbeidh Gaeilge labhartha ar ardcaighdeán ag iarratasóirí. Ní ghlacfar le hiarratais i mBéarla.
Tá Gaelscoil Lir ag bogadh isteach ina foirgneamh buan úrnua i mí Lúnasa 2026, rud a thugann deis ar leith don té a cheapfar páirt a ghlacadh sa chéad chaibidil eile de scoil atá ag dul ó neart go neart. Tá dhá Rang Speisialta sa scoil agus táimid tiomanta do thimpeallacht chuimsitheach, thacúil a chur ar fáil do gach páiste.

(Is gá do na hiarrthóirí a bheith ar fáil don 24, 25 agus don 26 Lúnasa agus osclóidh an scoil ar an 27 Lúnasa).

 

Tuilleadh eolais mar gheall ar mhúineadh i scoil lán-Ghaeilge: