Comhdháil na bPríomhoidí, Aoine, 27 Eanáir 2023
Tá ríméad ar AFP go bhfuil Comhdháil na bPríomhoidi a reáchtáil againn an 27 Eanáir 2023 i gCaisleán Barberstown, Teach Srafáin, Co Chill Dara. Seo a chéad deis againn teach le chéile ó thús na Paindéime as is deis iontach dúinn na caidrimh agus an gréasánú a atógáil. Chomh maith le hobair na gcapall a rinne sibh déileáil leis an strus agus na deacrachtaí a chruthaigh COVID 19, is iomaí athrú a tharla inár scoileanna ó thaobh na ceannaireachta de agus cuid dár bpríomhoidí ag dul ar scoir agus cuid mhaith príomhoidí nuacheaptha ann. Dar ndóigh beidh AFP ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód agus is deis iontach í an chomhdháil tús a chur leis na ceiliúrthaí. Thíosluaite tá dréachtchlár na Comhdhála.
Tá roinnt seomraí curtha in áirithe do Dhéardaoin 26 Eanáir má tá daoine ag taisteal an oíche roimhe. Luaigh An Foras Pátrúnachta nuair a dhéanann tú teagmháil le Barberstown Castle is í uimhir an Óstáin 01 6288157