Bíodh Deis Labhartha Agat
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais faoi láthair ar an bPlean Gníomhaíochta faoi Bhulaíocht agus ar na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna.
Is mian linn a chinntiú go bhfuil an Plean Gníomhaíochta faoi Bhulaíocht agus na Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna éifeachtach chun cosc a chur ar an mbulaíocht agus chun dul i ngleic léi i scoileanna.
Mar chuid den obair seo, tá do chuid tuairimí á lorg ag an Roinn maidir le cad ba chóir a dhéanamh chun cosc a chur ar an mbulaíocht agus chun dul i ngleic léi inár scoileanna.
Tá cuireadh á thabhairt ag an Roinn duit chun aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh agus chun ceistneoir 15 nóiméad a chomhlánú mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí.
Ba mhaith linn cloisteáil ó
- Leanaí
- Daoine Óga
- Tuismitheoirí
- Baill foirne scoile (baill foirne neamhtheagaisc san áireamh)
- Comhpháirtithe Oideachais
- Eagraíochtaí
- Daoine Aonair
Is féidir rochtain a dhéanamh ar an gcomhairliúchán ar an nasc seo a leanas: [external-link https://www.gov.ie/ga/comhairliuchan/athbhreithniu-ar-phlean-frith-bhulaiocht-do-scoileanna ]
https://www.gov.ie/ga/comhairliuchan/athbhreithniu-ar-phlean-frith-bhulaiocht-do-scoileanna/ ]
Beidh an chéim chomhairliúcháin ar oscailt ón 26 Bealtaine 2022 go dtí an 21 Meitheamh 2022
If you have any queries regarding this work please contact antibullying2022@education.gov.ie