Ciorclán 056/2023: Beart costas maireachtála

Jill Mc Mahon

01/11/2023

Airgeadas | Ciorcláin | Nuacht ar Fad

Beart costas maireachtála chun tacú le freastal ar an méadú i gcostais

1. Réamhrá

1.1. Is é cuspóir an chiorcláin seo breac-chuntas a thabhairt ar na socruithe i ndáil leis an mbeart costas maireachtála ar fiú €60 milliún san iomlán é a íoc chun tacú le freastal ar an méadú i gcostais reatha scoile, ar beart é a fógraíodh mar chuid de na bearta costas maireachtála atá i mBuiséad 2024.
1.2. Íocfar an deontas le Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna aitheanta sa Scéim Saoroideachais, lena n-áirítear Meánscoileanna Deonacha, Pobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha, agus le Boird Oideachais agus Oiliúna i leith scoileanna Boird Oideachais agus Oiliúna.
1.3. Eiseofar an chéad tráthchuid €20 milliún den deontas seo chuig scoileanna go luath, agus eiseofar an €40 milliún eile sa bhliain 2024. Eiseofar tuilleadh mionsonraí faoin gcuid eile den deontas a íoc sa bhliain 2024. Léigh tuillleadh…