Achoimre
Sa chiorclán seo:
- Tá eolas ar fáil faoin obair chomhairleach, meastóireachta agus taighde atá pleanáilte ag an gCigireacht i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta ó Mheán Fómhair go Nollaig 2022
- Tá eolas ar fáil faoi obair na Cigireachta maidir le tacú le agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na nósanna imeachta frithbhulaíochta i scoileanna
- Tá na socruithe don fhéinmheastóireacht scoile (FMS) don scoilbhliain 2022/23 soiléirithe
- Tagann sé seo in áit Chiorclán 0029/2022.