Ciorclán 0056/2024: Athbhreithniú ar Rátaí Deontais Caipitíochta do Bhunscoileanna Aitheanta in 2024
Is é cuspóir an chiorcláin seo na rátaí athbhreithnithe per-capita a leagan amach a bhaineann le maoiniú deontais caipitíochta a leithdháilfear ar bhunscoileanna aitheanta le héifeacht ón 01 Meán Fómhair 2024. Tagann an ciorclán seo san ionad ar Chiorclán 0038/2020.

