Ciorclán 0051/2022 Scéim Saoire do Thuismitheoirí do CRS

Jill Mc Mahon

30/08/2022

Ciorcláin | Nuacht ar Fad | Riachtanais Speisialta

  • Féach an ciorclán ar shuiomh na Roinne anseo

  • Íoslódáil an ciorclán (PDF) anseo

Ordaíonn an tAire Oideachais, de bhun na cumhachta atá in Alt 24 den Acht Oideachais (arna leasú), d’fhostóirí na rialacháin agus na nósanna imeachta a chur i bhfeidhm, mar atá luaite, do Chúntóirí Riachtanas Speisialta incháilithe a fhostaítear i bpoist cheadaithe arna maoiniú ag airgead a chuireann an tOireachtas ar fáil.

Ní mór do gach fostóir agus CRS cloí leis na téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe mar atá luaite le héifeacht láithreach.

Tá an Ciorclán seo in ionad Chiorclán 0035/2021 dar teideal ‘Parent’s Leave Scheme for Special Needs Assistants employed in Recognised Primary and Post Primary Schools’.

Cinntigh go gcuirfear ábhar an Chiorcláin seo in iúl do gach ball den Bhord Bainistíochta/Boird Oideachais agus Oiliúna agus do gach CRS atá i d’fhostaíocht, lena n-áirítear iad siúd atá ar chead neamhláithreachta.
Ba chóir gach fiosrúchán a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh dul i gcomhairle lena n-eagraíocht ionadaíochta a chur faoi bhráid an fhostóra i dtús báire. Is féidir aon cheisteanna eile a chur chuig an Roinn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: teachersna@education.gov.ie

Is féidir teacht ar an Ciorclán seo ar shuíomh gréasáin na Roinne ag gov.ie.