Ciorclan 0050/2022 Scéim Saoire do Thuismitheoirí

Jill Mc Mahon

30/08/2022

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

  • Féach an ciorclán ar shuíomh na Roinne anseo

  • Íoslódáil an ciorclán (PDF) anseo

Ordaíonn an tAire Oideachais, de bhun na cumhachta atá in Alt 24 den Acht Oideachais (arna leasú), d’fhostóirí na rialacháin agus na nósanna imeachta a chur i bhfeidhm, mar atá luaite, do múinteoirí incháilithe a fhostaítear i bpoist cheadaithe arna maoiniú ag airgead a chuireann an tOireachtas ar fáil.

Ní mór do gach fostóir agus múinteoiri cloí leis na téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe mar atá luaite le héifeacht láithreach.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Ciorclán 0030/2021 dar teideal ‘Scéim Saoire do Thuismitheoirí do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta’.
Cinntigh, le do thoil, go gcuirfear ábhar an Chiorcláin seo in iúl do gach ball den Bhord Bainistíochta/Boird Oideachais agus Oiliúna agus do gach múinteoir atá i d’fhostaíocht, lena n-áirítear iad siúd atá ar chead neamhláithreachta.

Ba chóir gach fiosrúchán a chur faoi bhráid an fhostóra a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh dul i gcomhairle lena n-eagraíocht ionadaíochta ar dtús. Is féidir aon cheisteanna eile a chur chuig an Roinn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: teachersna@education.gov.ie

Is féidir teacht ar an gCiorclán seo ar shuíomh gréasáin na Roinne ag gov.ie.