Leithdháileadh Cúntóirí Riachtanas Speisialta 2024/25
1. Cuspóir an Chiorcláin Seo & Cúlra
Is é cuspóir an Chiorcláin seo scoileanna a chur ar an eolas faoi na socruithe le haghaidh leithdháileadh Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) chun tacú le ranganna príomhshrutha i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna don scoilbhliain 2024/25. Tá tacaíocht CRS ar cheann de na príomhghnéithe a bhaineann le cuimsiú rathúil daltaí a bhfuil riachtanais chúraim bhreise acu san oideachas, lena n-áirítear ranganna príomhshrutha, scoileanna speisialta agus ranganna speisialta. Is é aidhm an chiorcláin seo ná cinnteacht a chur ar fáil maidir le soláthar CRS do dhaltaí i ranganna príomhshrutha agus dá dteaghlaigh, CRSanna, agus scoileanna, don scoilbhliain 2024/25.

