Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Iar-bhunscoileanna i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta atá Rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta
Feidhmiú Leanúnach na Scéime (2022 – 2024)
Is é cuspóir na hImlitreach seo ná a chur in iúl d’údaráis scoileanna na chéad chéimeanna eile atá le glacadh ag an Roinn Oideachais (Roinn) agus ag iar-bhunscoileanna maidir le feidhmiú leanúnach na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (Scéim) in 2022/2023 agus 2023/2024. Leanann an Imlitir seo ó Imlitir 0012/2021 agus ó imlitreacha roimhe seo ar an Scéim a chlúdaíonn an tréimhse ó 2017 go 2020/21.