0010/2022: Polasaí don Oid. Gaeltachta 2017/22 (bunleibhéal)

Jill Mc Mahon

26/04/2022

Ciorcláin | Nuacht ar Fad

POLASAÍ DON OIDEACHAS GAELTACHTA 2017-2022

Bunscoileanna Agus Scoileanna Speisialta I Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta Atá Rannpháirteach Sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta Feidhmiú Leanúnach na Scéime (2022 – 2024)

Is é cuspóir na hImlitreach seo ná a chur in iúl d’údaráis scoileanna na chéad chéimeanna eile atá le glacadh ag an Roinn Oideachais (Roinn) agus ag bunscoileanna/scoileanna speisialta maidir le feidhmiú leanúnach na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (Scéim) in 2022/2023 agus 2023/24. Leanann an Imlitir seo ó Imlitir 0012/2021 agus ó imlitreacha roimhe seo ar an Scéim a chlúdaíonn an tréimhse ó 2017 go 2020/21.