An leithdháileadh Múinteoirí Oideachais Speisialta don scoilbhliain 2025/26.
Is é cuspóir an Chiorcláin seo scoileanna a chur ar an eolas faoin bpróiseas le haghaidh an phróifíl oideachais do gach scoil agus an leithdháileadh Múinteoirí Oideachais Speisialta a eascraíonn aisti sin a ríomh don scoilbhliain 2025/26. Cuirtear gach scoil ar an eolas faoina leithdháileadh Múinteoirí Oideachais Speisialta mar chuid de na Socruithe Bliantúla Soláthar Foirne in Iar-bhunscoileanna don scoilbhliain 2025/26 agus gheobhaidh gach scoil ríomhphost sna laethanta atá le teacht ina dtabharfar tuilleadh mionsonraí faoin leithdháileadh, agus ba cheart an ríomhphost sin a léamh i gcomhar leis an gciorclán seo.

